From Wikipedia, the free encyclopedia
Is carachtar é Daidí na Nollag (San Nioclás nó Saintí uaireanta) (Béarla: Santa Claus, Santa) a aithnítear mar thraidisiún Nollag i dtíortha Iartharacha an domhain. Go hiondúil, deirtear gur seanfhear é agus féasóg bhán is culaith dhearg air, agus é ag fágáil bronntanais ag páistí an domhain Oíche Nollag.
Is féidir finscéal Dhaidí na Nollag a rianú siar go San Nioclás, easpag Críostaí de bhunadh na Gréige a rugadh sa bhliain 270 agus a mhair san Anatóil (san áit a bhfuil an Tuirc anois).[1] Is iomaí scéal faoin easpag naofa seo ón 4ú haois san Áise Bheag atá ann, an fear a leag síos an patrún do Dhaidí na Nollag as a chuid carthanachta.[2] Thaistealaíodh sé timpeall na dúiche ag tabhairt airgid do na boicht agus ag leigheas daoine tinne, go háirithe páistí. Tá sé aitheanta ag an Eaglais mar naomh na mbocht.
Ba thraidisiún Ollannach é San Nioclás (Sinterklass[3]); thug sé bronntanais do leanaí ar 6 Nollaig, is é sin, lá fhéile Niocláis.
Dhéanadh imircigh ón Ísealtír féile San Nioclás a cheiliúradh i Meiriceá, agus is óna n-ainm siúd air in Ísealtíris, Sinterklaas, a thagann Santa Claus i mBéarla Mheiriceá. Ghlac na coilínithe Sasanacha le cuid den cheiliúradh seo mar sheanghnás Nollag.[1] Tagann an íomhá nua-aimseartha d’fhear ag eitilt thart ó theach go teach le bronntanais ón dán cáiliúil An Account of a Visit from St Nicholas arna scríobh, creidtear, ag Clement Clarke Moore in 1822 (cé go maíonn daoine áirithe gur fear eile, Henry Livingstone, a scríobh). Tosaíonn an dán le “Twas the night before Christmas”.[1]
I dtraidisiún seo na mBéarlóirí i Meiriceá Thuaidh, tagann an fear meidhreach seo ar Oíche Nollag ar charr sleamhnáin atá á tharraingt ag réinfhianna, agus é ag dreapadh anuas an simléir leis na féiríní a fhágáil ag na leanaí. Is nós bia agus deoch a fhágáil in araicis aige fosta.
Chuaigh an carachtar Meiriceánach go mór mór i bhfeidhm ar Dhaidí na Nollag mar a thuigtear san Eoraip é. Caitheann sé an bhliain go léir ag déanamh téisclime don Nollaig agus é ag déanamh bréagán ina cheárta agus ag coinneáil diansúile ar iompraíocht na bpáistí i rith na bliana.
I gcultúir áirithe, tagann Knecht Ruprecht, Zwarte Piet nó Peadar Dubh in éindí le Daidí na Nollag. In áiteanna, is iad na síoga sa cheárta a dhéanann na bréagáin, agus i leaganacha eile den scéal tá sé pósta.
I dtíortha an Bhéarla is gnách a rá go bhfuil cónaí ar Dhaidí na Nollag sa Phol Thuaidh. I gcuid mhór den Eoraip áfach is é an scéal go bhfuil a cheárta suite in Korvatunturi, cnoc ard i Savukoski san Fhionlainn.
Ba é Markus Rautio,[4] "Markus-setä" ("Uncail Markus") a chuir tús leis an traidisiún seo agus clár páistí aige ar raidió na Fionlainne ó na fichidí go dtí na caogaidí. Roghnaigh sé Korvatunturi, toisc gur "cluas" is brí le korva na Fionlainnise: ba é an impleacht don scéal ná go raibh an cnoc mar a bheadh cluas mhór ann a cheadaigh do Dhaidí na Nollag a chloisteáil cad é a bhí idir lámhaibh ag na páistí.
Ghlac tionsclaíocht turasóireachta na Fionlainne seilbh ar an scéal seo lena leas féin a bhaint as ina gcuid fógraíochta. Le fírinne tá an cnoc suite in aice le teorainn na Rúise, agus ní féidir cuairt ach le ceadúnas ar leith a lorg ó ghardaí teorann na Fionlainne.
Bíonn Daidí na Nollag go hiondúil ag tabhairt cuairte ar cheantair siopadóireachta agus siopaí eile i Meiriceá Thuaidh, in Éirinn agus sa Bhreatain, agus na páistí ag teacht ag lorg bronntanas uaidh.
Ar Lá Fhéile Niocláis,[5] tugtar na bronntanais san Ísiltír agus i gcuid den Ghearmáin. Ón taobh eile de, ba é an leanbh Íosa a bhíodh ag fágáil na mbronntanas in Éirinn sna laethanta a bhí, agus tá an nós seo beo i gcónaí i dtíortha áirithe eile, i gcuid den Ghearmáin mar shampla.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.