From Wikipedia, the free encyclopedia
Úrscéal de chuid an scríbhneoir Albanach, Arthur Conan Doyle, is ea Cú na mBaskerville, ar cheann de na scéalta bleachtaireachta is iomráití dár scríobhadh riamh. Dar le go leor léirmheastóirí go bhfuil Cú na mBaskerville ar an scéal is fearr de scéalta Sherlock Holmes.[1]
(en) The Hound of the Baskervilles | |
---|---|
Cineál | saothar liteartha |
Cárta innéacs | |
Údar | Arthur Conan Doyle |
Teanga | Béarla |
Maisitheoir | Sidney Paget |
Ealaín chlúdaigh le | Alfred Garth Jones |
Foilseachán | an Ríocht Aontaithe, 1902 |
Foilsitheoir | George Newnes Ltd |
Tréith | |
Seánra | ficsean bleachtaireachta, ficsean coiriúlachta agus ficsean mistéire |
Carachtair | |
Suíomh scéalaíochta | Dartmoor Londain Devon |
Gradam a fuarthas | |
Gradam a fuarthas | 100 Leabhar na hAoise de réir Le Monde |
Cuid den tsraith | |
Sherlock Holmes novels (en) agus canon of Sherlock Holmes (en) | |
Tá Sir Charles Baskerville, mionuasal de chuid Devon Shasana, tar éis bás a fháil gan choinne agus dealraíonn sé gurb é an scanradh a chuir cú ábhalmhór scáfar air a thug a bhás. Creideann roinnt dá chomharsana seanscéal a deir nach ainmhí saolta an madra céanna, ach cú diabhlaí aníos ó ifreann a thaithíonn riasc sceirdiúil contúirteach na dúiche agus atá ar tí dhíobháil mhuintir Baskerville le fada.
Faoi Sherlock Holmes agus an Dochtúir Watson atá sé a thaispeáint cén sórt ainmhí go fírinneach an cú agus féachaint chuige san am céanna nach ndéantar aon díobháil do Sir Henry Baskerville, mac dearthár agus oidhre Sir Charles, atá tagtha chun cónaithe in Halla Baskerville chun a oidhreacht a éileamh.[1]
Móinteán tréigthe, mallacht clainne, deamhanchú, coirpeach éalaithe, agus blaiseadh den osnádúrthacht sa cheo ; is iad na heilimintí sin a chinntíonn go bhfuil an-tóir ar Cú na mBaskerville .[2]
Foilsíodh in 1934 aistriúchán Gaeilge de chuid Nioclás Tóibín. Tháinig leagan caighdeánaithe den aistriúchán sin amach sa bhliain 2012, curtha in eagar ag Aibhistín Ó Duibh (ISBN 10: 9781782010142).
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.