From Wikipedia, the free encyclopedia
Cárta plaisteach, cosúil le cárta creidmheasa, a bhfuil micriríomhaire tuímithe air in ionad stéille maighnéidí. Bíonn tadhaill ionchuir is aschuir ag an micriríomhaire, agus is féidir an cárta a úsáid chun eolas sa chuimhne a phróiseáil. Úsáidtear é i gcomhair ionannaithe, chun sonraí míochaine a choinneáil i gcás práinne, chun creidiúintí a charnadh i scéimeanna duaise, agus i dteileafóin is córais taistil. Úsáid eile atá á saothrú, é a chur in ionad airgid (mar airgead leictreonach). Ag teirminéal i mbanc is féidir creidiúint a stóráil ar an gcárta ó chuntas an chustaiméara, agus laghdaítear an chreidiúint i siopaí de réir mar a cheannaíonn an custaiméir earraí. Nuair a ídítear an chreidiúint ar an gcárta is féidir í a athnuachan ag an teirminéal sa bhanc, díreach cosúil le haistarraingt airgid ag uathmheaisín bainc.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.