Remove ads
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is speiceas iasc é an t-iasc geal Eorpach[1] (Coregonus lavaretus) san fhine Salmonidae.
Stádas caomhnaithe | |
---|---|
Leochaileach | |
UICN | 5369 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Salmoniformes |
Fine | Salmonidae |
Géineas | Coregonus |
Speiceas | Coregonus lavaretus Linnaeus, 1758 |
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Tá smaointe éagsúla mar gheall ar scaipeadh na speiceas Coregonus lavaretus, agus mar gheall ar líon na speiceas sa ghéineas Coregonus i gcoitinne.
Sa chiall chúng, meastar go bhfuil Coregonus lavaretus, nó go simplí an lavaret, a bheith ceantrach sa Loch Bourget agus Loch Aiguebelette san abhantrach an Rhône sa Fhrainc. San am níos túisce bhí an lavaret flúirseach sa loch Geneva.[2] De réir an dearcadh seo tá líon mór de na speiceas éisc ghil i lochanna, aibhneacha agus uiscí goirt i Lár agus i dTuaisceart na hEorpa .[3]
Tríd is tríd, is é Coregonus lavaretus, curtha sias mar iasc geal coitianta nó iasc geal na hEorpa, atá le fáil i lár agus iarthuaisceart na hEorpa go dtí an tSibéir.[4] Is minic a dtugtar an t-ainm “lavaretus casta C” air, agus meastar é mar forghné. Cuimsíonn sé seo go leor gné na daonraí éisc a cheapann daoine eile a bheith srianta ar bhonn áitiúil (ina measc atá an caorthann Breataine agus an gwyniad nó an gravenche Alpach, chomh maith le cruthanna "intralacustrine" éagsúla agus daonraí arb iad atá sainairíonna nósanna beathaithe éagsúla acu, uimhreacha gill raker, patrúin fáis agus iompar imirce. Tugann staidéir ghéiniteacha go bhfuil éagsúlacht an éisc geal, laistigh den choimpléasc, mar thoradh de bhunadh iar-oighreacha.[5]
Tá éagsúlacht go leor i measc foirmeacha an éisc geal Eorpach. I gcoitinne tá comhlacht barrchaolaithe acu, giall uachtarach caol agus eite droma méithe atá gnách maidir leis an teaghlach bradán. Tá an smuit gearr ages barrchaolaithe, rud a idirdhealaíonn an speiceas ón dá speiceas Eorpacha Thuaidh eile, speicis Coregonus, agus speicis vendace (Coregonus albula) agus an Peled (Coregonus Peled) a bhí tugtha isteach. Tá giall meallach ag an chéad cheann agus sa dara ceann, is iad na géile atá comhfhad. Tá an droim gormach glas nó scothdhonn, na cliatháin geal liath agus an bolg bán. Is iad na heití dorcha liath. Fásann an t-iasc ar fhad go dtí thart ar 55cm; agus tá meáchan aige thart ar 2kg.[6]
Cothíonn an t-iasc geal eorpach ar na dúilí tóin conaithe nó zóplanctón. Tógann na héisc níos mó, feithidí agus stuifíní agus gilidíní (bradán), ó dhromchla an uisce. Bíonn pórú ar siúl san fhómhar idir Meán Fómhair agus Samhain, den chuid is mó ag brath ar teocht an uisce. Is féadfar go mbeadh na daonraí difriúla, atá sna teascáiní céanna uisce, ag sceitheadh ag amanna éagsúla. Tagann siad, lion a slua, i bhfarraigí agus lochanna, go dtí an abhainn chun sceitheadh a dhéanamh; fanann líon eile i lochanna nó san fharraige chun sceitheadh a dhéanamh.[6]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.