rí in Éirinn sa 7ú haois From Wikipedia, the free encyclopedia
Ard-Rí na hÉireann a mheastar ba ea Conall mac Maoil Chobha (Sean-Ghaeilge Conall mac Máele Coba) (bás 654) ar a glaodh Conall Caol (Conall Cóel) air. Maol Cobha mac Aodha (bás 615) ba ea a athair.[1][2][3] Bhí sé i gcoróin ó 643 go 654.[4]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 654 |
Ardrí na hÉireann | |
642 – 654 ← Domhnall mac Aodha – Blathmac mac Aodha Sláine, Diarmaid mac Aodha Sláine → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Néill an Tuaiscirt |
Athair | Maol Cobha mac Aodha |
De réir annála Éireann bunaithe ar Chroinic na hÉireann, chomh-Ard-Rí ba ea é lena dheartháir, Ceallach mac Maoil Chobha, tar éis bhás a n-uncail, Domhnall mac Aodha sa bhliain 642. Deirtear i nAnnála Uladh don bhliain 643:
Comhghuaillthe Dhomhnaill a bhí na ceithre chomharbaí uile, nuair a cloíodh Conall Caoch ag Cath mór Mhaigh Roth sa bhliain 637, agus d'fhéadfadh é dáiríre go raibh an ceathrar i réim le chéile. Insítear go raibh Conall i gceannas arm Dhomhnaill ag Cath Shailtír, cath cabhlaigh a tharla ar an lá gcéanna, inár cloíodh cabhlach Cenél nEógain agus Dál Riada.[6][7]
De réir na ríliosta, bhí Ceallach agus Conall i gcoróin roimh Diarmaid agus Blathmac.[8] Ní fheictear Ceallach nó Conall ámh sa ríliosta is luaite, Buile Choinn.[9]
Sa tuaisceart, thug a gcol ceathrar a dhúshlán iad, ach chloígh Conall agus Ceallach é ag Cath Dhún Criomhthainn sa bhliain 650.[10][11][12]
Maraíodh Conall Caol sa bhliain 654. Deirtear i ngluais le hAnnála Uladh, athinste i nAnnála na gCeithre Máistrí gur mharaigh Diarmaid é.[13][14]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.