Deirtear gurbh Ard-Rí na hÉireann é Ceallach mac Maoil Chobha (Sean-Ghaeilge Cellach mac Máele Coba) (bás 658), ball de Cenél Conaill, Uí Néill an Tuaiscirt. Maol Cobha mac Aodha (bás 615) ba ea a athair.[1][2][3] Bhí sé i gcoróin ó 643 go 654.[4]

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Bás ...
Infotaula de personaCeallach mac Maoil Chobha
Beathaisnéis
Bás658 (Féilire Ghréagóra)

Brú na Bóinne Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
642 – 658
 Domhnall mac AodhaDiarmaid mac Aodha Sláine, Blathmac mac Aodha Sláine  Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Néill an Tuaiscirt Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCacht (?) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMaol Cobha mac Aodha
Dún

De réir annála Éireann bunaithe ar Chroinic na hÉireann, chomh Ard-Rí ba ea é lena dheartháir, Conall Caol, tar éis bhás a n-uncail, Domhnall mac Aodha sa bhliain 642. Deirtear i nAnnála Uladh don bhliain 643:

Hic dubitatur quis regnauit post Domhnall. Dicunt alii historiagraphi regnasse .iiii. reges, .i. Cellach & Conall Cael & duo filii Aedho Slane mc. Diarmada mc. Fergusa Cerrbheoil mc. Conaill Cremthainde mc. Neill Naoighiallaig, .i. Diarmait & Blathmac, per commixta regna.[5]
Tá amhras ann cé a bhí i réim i ndiaidh Domhnaill. Deir roinnt staraithe gur rialaigh ceathrar ríthe, .i. Ceallach agus Conall Caol agus beirt mhac Aodha Sláine..., .i. Diarmaid agus Blathmac, i gcomhréimis a chéile.

Comhghuaillthe Dhomhnaill a bhí na ceithre chomharbaí uile, nuair a cloíodh Conall Caoch ag Cath mór Mhaigh Roth sa bhliain 637, agus d'fhéadfadh é dáiríre go raibh an ceathrar i réim le chéile. De réir na ríliosta, bhí Ceallach agus Conall i gcoróin roimh Diarmaid agus Blathmac.[6] Ní fheictear Ceallach nó Conall ámh sa ríliosta is luaite, Buile Choinn.[7]

Sa tuaisceart, thug a gcol ceathrar a dhúshlán iad, ach chloígh Conall agus Ceallach é ag Cath Dhún Criomhthainn sa bhliain 650.[8][9][10] Maraíodh Conall ag Diarmaid sa bhliain 654, agus fuair Ceallach bás sa bhliain 658, b'fhéidir i mBrú na Bóinne.[11][12] B'fhéidir é gur ghabh Diarmaid Ceallach sa bhliain 654 agus gur éag sé i ngéibhinn.[13]

Phós iníon Cheallaigh, Cacht (bás 681), rí Ailigh, Máel Dúin mac Máele Fithrich.

Foinsí

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
  • "Cellach mac Máele Coba (d. 658)". Oxford Dictionary of National Biography (2004).

Tagairtí

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.