From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard a bhí i gceist le Comhairle Trento (Laidin: Concilium Tridentinum) ná Comhairle Éacúiméineach na hEaglaise Chaitliceach Rómhánach sa 16ú céad.
Lipéad sa teanga dhúchais | (it) Concilio di Trento |
---|---|
Cineál | sionad |
Tréimhse | 1545 - 21 Feabhra 1563 |
Rannpháirtí | |
Rinneadh an Chomhairle a ghairm in Trento, ón 3 Nollaig 1545 go dtí an 4 Nollaig, 1563, le fiche cúig sheisiún roinnte i dtrí chuid. An aidhm a bhí leis na cruinnithe ná leasú a dhéanamh ar an Eaglais Chaitliceach. Glactar leis gurbh í ceann de na Comhairlí ba thábhachtaí a bhí ag an Eaglais.[1]
Mór-chomhairle leasaithe ba ea Comhairle Trento, a chur tús leis an Fhrith-Reifirméaisin,[2] agus sainmhíníodh cuid den teagasc na hEaglaise.
Cuireadh cosc iomlán, nach mór, ar fhíoracha nochta san ealaín dhiaga. Mar shampla, cáineadh An Breithiúnas Deireanach le Michelangelo nuair a críochnaíodh é sa bhliain 1541 agus is in olcas a chuaigh an scéal le himeacht aimsire.[3] Maidir leis na fíoracha nochta, tháinig méadú leanúnach ar lucht a gcáinte. Faoi dheireadh, rinneadh ‘leasú’ ar an fhreascó ollmhór de réir an pholasaí nua maidir leis an ealaín a aontaíodh ag Comhairle Trento.
D'eisigh an Chomhairle cáineadh chomh maith ar eiriceacht de chuid na bProtastúnach.
I ndiaidh Comhairle na hEaglaise i Trent, chuir An Róimh an-mhuinín sna hÍosánaigh agus sna Caipisínigh leis an fhrith-refirméisean a chur i bhfeidhm.[4]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.