From Wikipedia, the free encyclopedia
Daoine is ea iad na 'Coloureds na hAfraice Theas''[1], nó 'daoine daite' nó 'daoine de chine daite', san Afraic Theas a bhfuil sinsearacht chasta acu.[2][3] Shíolraíodar ó choilínigh a tháinig ón Ísiltír ag tús ré an choilínithe, ó na Khoisan (na bundúchasaigh i gcúige na Rinne), agus ó Afracaigh eile.
Is í an Afracáinis príomhtheanga na ndaoine daite. Tá an t-ainm ‘bruin mense’ (‘daoine donna’) in úsáid sa teanga sin.[2] Tuairim is cúig mhilliún coloureds atá san Afraic Theas.[4]
Tá an téarma ‘coloured’ in úsáid inniu ag rialtas ilchiníoch na hAfraice Theas, Bhí an téarma ‘coloured’ in úsáid nuair a bhí apartheid i réim, ach bhí sé in úsáid i bhfad roimh an ré sin agus tá sé fós in úsáid sa lá atá inniu ann.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.