club sóisialta agus beár Gaelach i mBaile Átha Cliath From Wikipedia, the free encyclopedia
Club sóisialta agus beár Gaelach is ea Club Chonradh na Gaeilge nó Club an Chonartha atá suite in íoslach cheanncheathrú Chonradh na Gaeilge, ag 6 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath 2, Éire. Cuirtear réimse fairsing d'imeachtaí cultúrtha Gaelacha ar siúl sa Chlub.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | club sóisialta teach tábhairne |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1969 |
Rialachas corparáideach | |
Cuid de | Conradh na Gaeilge |
Suíomh gréasáin | http://www.anclub.ie/ |
Bunaíodh An Club sa bhliain 1969 agus tá sé neamhspleách ó Chonradh na Gaeilge. Bíonn córas ballraíochta i bhfeidhm ag an gClub agus bíonn vóta ag gach ball do choiste an Chlub. Tá coiste an Chlub i gceannas ar reachtáil an Chlub is toghtar an coiste ag an gcruinniú ginearálta bliantúil.
An Chéad Choiste 1967 | ||
---|---|---|
Cathaoirleach | Daithí Mac Réamoinn | |
Leas-Cathaoirleach | Pádraig Ó Riain | |
Rúnaí | Donnchadh Ó Súilleabháin | |
Leas-Rúnaí | Mairéad Bean Uí Dhomhnaill | |
Ochtar eile | Aodh Ó Fearghail
Caoimhín Etchingham Máthún Ó Gráda Réamonn Ó Cianáin |
Cáit Bhreatnach
Donnchadh Ó hAodha Pádraig Mac a tSionnaigh Seán Ó Dálaigh |
Beidh an Club féin dúnta ó dheireadh mhí Mheán Fómhair 2024 go dtí 2027 agus an foirgneamh stairiúil á fhorbairt ina lárionad Gaeilge. Beidh an coiste deonach ag eagrú imeachtaí in ionaid éagsúla i mBÁC i rith an tréimhse sin, Pop Up rialta ina measc.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.