polaiteoir From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ball de na Daonlathaigh Shóisialta é Cian O'Callaghan. Rugadh é i mí Bealtaine 1979. Ba é an chéad méara aerach in Éirinn. Seasann sé ar an gComhairle Contae Fhine Gall. Roimhe seo, bhí sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre. Toghadh é mar Theachta Dála san Olltoghchán 2020.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Bealtaine 1979 45 bliana d'aois Cill Fhionntain, Éire |
Teachta Dála | |
8 Feabhra 2020 – Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Belvedere An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre |
Is as Chill Fhoinntain, Baile Átha Cliath é Cian. Cuireadh oideachas air i gColáiste Belvedere. Bhain sé Céim Mháistreachta amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD).[1]
Toghadh O'Callaghan chuig Chomhairle Contae Fhine Gall ar a chéad iarracht sa bhliain 2009, ag déanamh ionadaíochta ar an Lucht Oibre, ag glacadh an dara suíochán i dtoghcheantar áitiúil Bhinn Éadair-Mhullach Íde. I mí an Mheithimh 2012, toghadh é mar Mhéara Fhine Gall, agus ba é an chéad mhéara aerach go hoscailte é i stair na tíre.[2] Le linn dó a bheith ina mhéara, leag sé béim ar na fadhbanna a bhíonn ag úinéirí tí i roinnt forbairtí níos nuaí i gceantar Fhine Gall, áit a ndearna ábhair thógála a bhí truaillithe le pirít damáiste mór.[3]
I mí Iúil 2013, d’fhág O'Callaghan Páirtí an Lucht Oibre ar bhonn coinsiasa idé-eolaíocha, ag rá: "The introduction of two budgets in a row that actually increased income inequality by targeting people on low and middle incomes was deeply unjust" (Gaeilge: Bhí sé an-éagórach go mór éagothroime ioncaim a thabhairt isteach i ndiaidh a chéile trí dhíriú ar dhaoine ar ísealioncaim agus mheánioncaim.)"[4]
San iomaíocht mar iarrthóir Neamhspleách i dtoghcháin áitiúla 2014, bhain O'Callaghan barr an chomhairimh i dtoghcheantar áitiúil Bhinn Éadair-Mhullach Íde.[5] Agus é ag comóradh olltoghchán 2016 na nDaonlathaithe Shóisialta i dTuaisceart Chuan Átha Cliath, fuair sé 3,864 vóta céadrogha agus cuireadh as an áireamh é ar an 12ú comhaireamh.[5]
Bhí sé mar iarrthóir na nDaonlathaithe Shóisialta do thoghcheantar Bhá Bhaile Átha Cliath ag olltoghchán 2020 agus d'éirigh leis a bheith tofa.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.