From Wikipedia, the free encyclopedia
B'aisteoir agus gníomhaí polaitíochta Meiriceánach é Charlton Heston (rugadh John Charles Carter 4 Deireadh Fómhair 1924 – 5 Aibreán 2008). Bhain a chuid aisteoireachta go mór le Ré Órga Hollywood, agus bhí páirteanna aige i mbeagnach 100 scannán thar thréimhse 60 bliain. Bhuaigh sé Gradaim an Acadaimh don aisteoir is fearr as a pháirt sa scannán Ben-Hur.
Sna 1950idí agus 1960idí, bhí sé ar dhuine den dornán aisteoirí Hollywood a labhair go hoscailte i gcoinne an chiníochais agus thacaigh sé le gluaiseacht na gceart sibhialta. D’fhág Heston an Páirtí Daonlathach sa bhliain 1987 agus chuaigh sé isteach sa bPáirtí Poblachtach. Bhunaigh sé coiste gníomhaíochta coimeádach agus thacaigh sé leis an Uachtarán Ronald Reagan. Bhí Heston ina uachtarán ar an National Rifle Association (NRA) cúig huaire, ó 1998 go 2003. Tar éis gur fhógair sé go raibh galar Alzheimer air in 2002, d'éirigh sé as uachtaránacht an NRA.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.