cumadóir agus bailitheoir ceoil Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Cumadóir ceoil Éireannach, bailitheoir ceoil thraidisiúnta agus scríbhneoir ba ea Charlotte Olivia Milligan Fox (17 Márta 1864 – 25 Márta 1916).[1][2][3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Márta 1864 An Ómaigh, Northern Ireland |
Bás | 25 Márta 1916 52 bliana d'aois Londain, England |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Meitidisteach, Béal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceoltóir, bailitheoir |
Teaghlach | |
Siblín | Alice Milligan |
Rugadh Charlotte Milligan san Ómaigh i gContae Thír Eoghain ar an 17 Márta 1864 do Charlotte Burns (1842–1916) agus do Seaton F. Milligan (1837–1916), Meitidistigh.[4] Ba í an duine ba shine í de chlann aon duine dhéag, clann ar mhair naonúr díobh. Cláraíodh an naonúr sa Choláiste Meitidisteach i mBéal Feirste.
Rinne Charlotte staidéar ar an bpianó agus ar chumadóireacht i gColáiste Ríoga an Cheoil i Londain agus sna hardscoileanna ceoil in Frankfurt agus in Milano.[5]
In 1892,[6] chuir sí fúithi i Londain tar éis Charles Eliot Fox a phósadh. Bhunaigh sí Irish Folk Song Society in Londain in 1904 agus bhí sí ina rúnaí oinigh ar an gcumann. Rinne sí cuairt na hÉireann ag bailiú amhráin thraidisiúnta agus fonn, agus rinne sí féin agus a deirfiúracha Edith Wheeler agus Alice Milligan roinnt turas i gContae Aontroma ó 1909 go 1910. Thaifead siad agus thrascríobh amhráin agus d’fhoilsigh ailt agus scóir in The Journal of the Irish Folk Song Society.[7]
In 1910 thug Fox cuairt ar chósta oirthearach Mheiriceá, mar ar bunaíodh craobh den Irish Folk Song Society i Nua-Eabhrac. Léiríodh an dráma The Bardic Recital ar an 16 Márta san Amharclann Náisiúnta in Washington, agus ba í Fox a bhailigh agus a chóirigh an ceol.[8]
Ba í Fox a tháinig ar pháipéir Edward Bunting, agus de réir a huachta fágadh iad ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.[9] Bhain sí tairbhe as na páipéir chun The Annals of the Irish Harpers (London, 1911) a scríobh, leabhar a mhúscail suim arís sa tseanchláirseach agus in Bunting.
Is iomaí amhrán a chum Fox, agus bhunaigh sí acu ar amhráin thraidisiúnta. Uaireanta sholáthair a deirfiúracha focail di. Chum sí scór ceolchoirme do The Last Feast of the Fianna, saothar le Alice Milligan.[10]
In 1904 bhunaigh Fox agus Alfred Perceval Graves an Irish Folk Song Society of London, cumann a fáisceadh as an Folk Song Society, a bunaíodh in 1898.[1] Bhí sé de chuspóir aige amhráin agus foinn as Éirinn a bhailiú agus a fhoilsiú, i dteannta léachtaí agus ceolchoirmeacha a reáchtáil. Ba í iris an chumainn Journal of the Irish Folk Song Society.
Idir 2010 agus 2011 chuir an Ulster History Circle plaiceanna suas ar son daoine cáiliúla as Uladh. Tá plaic ag Charlotte Milligan Fox agus ag Alice Milligan ar Leabharlann Ómaí i gContae Thír Eoghain.[11]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.