Fisiceoir a rugadh in Angoulème na Fraince ab ea Charles Augustin de Coulomb (14 Meitheamh 1736 – 23 Lúnasa 1806). Rinne sé taighde ar fhrithchuimilt, agus cheap an toirsiúnmeátán an-íogair chun na fórsaí aomtha leictreacha is maighnéadacha a thomhas. Chruthaigh sé dlí Coulomb i 1785: bíonn an fórsa idir dhá lucht leictreacha díreach i gcomhréir le hiolrú na luchtanna, agus i gcomhréir inbhéartach leis an bhfad eatarthu cearnaithe. Más iad p is q an dá lucht, agus d an fad eatarthu, is é an fórsa eatarthu F = p q/(4 π ε0 d2), agus is tairiseach ε0 (= 8.854 × 10-12 N m2) a dtugtar ceadaíocht saorspáis air. Bíonn an fórsa seo dírithe ar feadh na líne idir na luchtanna, i dtreo a chéile (aomadh) más luchtanna neamhchosúla iad, amach ó chéile (éaradh) más luchtanna cosúla iad. Ainmnítear aonad an luchta leictrigh, an cúlóm, as.[1]
Ainm sa teanga dhúchais | (fr) Charles-Augustin de Coulomb |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 14 Meitheamh 1736 Angoulême, An Fhrainc |
Bás | 23 Lúnasa 1806 70 bliana d'aois Páras, An Fhrainc |
102 Uachtarán Acadamh na nEolaíochtaí | |
1801 – 1801 ← Claude Louis Berthollet – René Just Haüy → | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Collège des Quatre-Nations École royale du génie de Mézières |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Leictreamaighnéadas agus soil mechanics (en) |
Suíomh oibre | Martinique Páras |
Gairm | fisiceoir, innealtóir comhraic, saighdiúir, oifigeach míleata, innealtóir, saighdiúir |
Ball de | |
Teangacha | An Fhraincis |
Gairm mhíleata | |
Céim mhíleata | saighdiúir |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Gradam a fuarthas |
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.