baile i gContae Lú From Wikipedia, the free encyclopedia
Is baile cósta é Ceann Chlochair[1] (Béarla: Clogherhead)[2] atá suite i gContae Lú. Ciallaíonn an t-ainm ‘ceann tíre creagach’.[2] Tá sé i mbailte fearainn Clochar agus Baile na gCailleach.[3] Is paróiste dlí é Clochar.[4] Is iad Tearmann Feichín agus Áth na gCasán an dá shráidbhaile is gaire do Cheann Chlochair.[3] Is é Droichead Átha an baile is gaire.[3] De réir dhaonáireamh 2016, is é daonra Ceann Chlochair ná 2,145.[5]
Ceann Chlochair | ||||
---|---|---|---|---|
Ceann Chlochair (ga) Clogherhead (en) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Lú | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 2,145 (2016) | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 41 m | |||
Logainm.ie | 132307 |
Tá fothracha meánaoiseacha eaglais ar chnoc beag clochach i sráidbhaile Ceann Chlochair.[6] Deirtear gur tógadh an eaglais ar shuíomh mhainistir ón 6ú haois a bhunaigh Naomh Nectan, nia Naomh Pádraig.[6] San am atá caite, tugadh Clochar nó Cill Chlochair ar an sráidbhaile Ceann Chlochair.[6] Chiallaigh an t-ainm Cill Chlochair 'Eaglais na háite clochach'.[6]
Tá iascaireacht ar cheann de na príomhthionscail sa sráidbhaile.[3] D’fhorbair Ceann Chlochair ar dtús mar shráidbhaile beag iascaireachta.[7] Leanann cuan Ceann Chlochair, ar a dtugtar Port Oirialla (Béarla: Port Oriel)[8], ag feidhmiú go príomha mar chalafort iascaireachta.[7] Feabhsaíodh an cuan le déanaí, ag soláthar áiseanna do chabhlaigh mhóra iascaireachta agus do shlatiascairí farraige.[7]
Táirgtear salann sáile Oirialla i bPort Oirialla. Bunaíodh an comhlacht i 2010.[9] Úsáideann níos mó ná 250 bialanna, óstáin, cuideachtaí lónadóireachta agus comhlachtaí bia salann sáile Oirialla.[9] I 2016, fuair siad sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint.[9] Táirgtear Mianraí Mara Oirialla i bPort Oirialla freisin. Bunaíodh an comhlacht i 2012.[10] Fuair siad sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint i 2016 freisin.[11]
Is ceann scríbe turasóireachta é Ceann Chlochair.[12] Meallann féilte áitiúla ar nós ‘Seafood Rocks’ go leor cuairteoirí chuig an sráidbhaile.[7] Tá páirceanna carbhán i gCeann Chlochair freisin a chuireann lóistín ar fáil do thurasóirí.[7]
Tá dhá thrá i gCeann Chlochair. Tá trá Cheann Chlochair suite sa sráidbhaile. Is trá bratach ghorm é a chiallaíonn go bhfuil cáilíocht uisce den scoth aige agus go gcoinníonn sé caighdeáin eile ar nós caighdeáin sábháilteachta.[13] Tá ionad eachtraíochta suite ar an trá a sholáthraíonn réimse gníomhaíochtaí bunaithe ar thalamh agus ar uisce cosúil le curachóireacht, cadhcáil, boghdóireacht, dreapadóireacht agus sórbáil.[14] Chomh maith le sin, tá stáisiún bád tarrthála INRBT suite ag an trá.[15] Seasann INRBT d'Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála. Tá sé ag feidhmiú i gCeann Chlochair ó shocraigh an INRBT stáisiún bád tarrthála a bhunú i 1899.[15] I 1993, scartáladh teach an bháid toisc go raibh sé róbheag agus tógadh ceann nua chun freastal ar mhéid an bháid tarrthála nua.[15] Bhí an bád tarrthála níos mó seo i bhfeidhm ó 1993 go dtí 2019.[16] I 2019, fuair stáisiún bád tarrthála INRBT bád tarrthála nua leis na teicneolaíochtaí is déanaí.[16] Is é an bád tarrthála seo an bád tarrthála gníomhach sa stáisiún anois.[15]
Tá an trá eile suite cúpla ciliméadar ó thuaidh ó Cheann Chlochair. Tugtar trá Phort air. Is trá bratach ghorm é freisin.[17] Bíonn gardaí tarrthála ar dualgas ar an dá thrá i rith míonna an tsamhraidh.[17]
Is é ceann tíre Ceann Chlochair an t-aon cheann tíre ard carraigeach ar an gcósta thoir idir Sléibhte Mhúrna agus Binn Éadair i gContae Bhaile Átha Cliath.[18] Is Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta é an ceann tíre.[18] Tá sé liostaithe freisin mar limistéar sáráilleachta nádúrtha.[18] Tá roinnt cosán neamhfhoirmiúil thar an gceann tíre idir an sráidbhaile agus Port Oirialla.[18] Tugann siad seo deis duit siúl thar an gceann tíre.
Tá halla pobail i gCeann Chlochair. Is í an foirgneamh seo an iarscoil náisiúnta a ndearnadh athchóiriú uirthi.[7] Éascaíonn an halla gníomhaíochtaí sóisialta éagsúla.[7] Is gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl sa halla faoi láthair ná biongó agus damhsa.[19]
Tá áiseanna agus seirbhísí eile i gCeann Chlochair freisin ar nós tithe tábhairne, bialann ghasta, siopa áise, ionad sláinte agus cógaslann.[7]
Tá Dreadnots CLG suite díreach taobh amuigh de shráidbhaile Ceann Chlochair. Tá foireann peile na bhfear agus foireann peile na mban acu.[20] Tá foirne peile buachaillí agus cailíní faoi aois acu freisin.[20] Tugadh Naomh Mícheál orthu uair amháin ach fuair siad an t-ainm Dreadnots ina dhiaidh sin.[20] Bunaíodh an club i 1887.[20] Tá sé ar cheann de na clubanna is sine i gContae Lú.[20] I 1887, bhí siad ar cheann de cheithre fhoireann is fiche a chuir isteach ar chéad Chraobh Chontae Lú.[20] I 1978, atheagraíodh craobh an chontae agus cuireadh an club sa chraobh idirmheánach.[20] Ó shin i leith, tá ceithre chraobh idirmheánacha buaite acu.[21] Shroich siad an cluiche ceannais craobh sinsear i 2012 agus 2014 freisin.[22] Gach samhraidh tarlaíonn 'Cúl Camps' sa pháirc peil.[23]
Tá Eaglais Naomh Mícheál suite díreach taobh amuigh de shráidbhaile Ceann Chlochair. Tógadh an séipéal i 1853.[24] Tógadh Eaglais Naomh Mícheál ar an suíomh céanna le sean eaglais.[24] Tógadh é timpeall an tseanstruchtúir.[24] Tógadh an eaglais nua ag saoir chloiche áitiúla ag baint úsáide as cloch a cairéalaíodh ón gCeann ag cuan Ceann Chlochair.[24] Cuireadh an chloch ar bháid agus tugadh chun na trá í.[24] Ón áit sin, tharraing muintir na háite an chloch chuig an suíomh ag úsáid chapaill agus cairteacha.[24]
Tá dhá naíonra i gCeann Chlochair.[25]Tá an bheirt acu lonnaithe i sráidbhaile Ceann Chlochair.[25]
Scoil Náisiúnta Baile na gCailleach is ainm don bhunscoil. Bunaíodh an chéad scoil in aice le heaglais Naomh Mícheál.[26] Chuaigh an scoil isteach sa chóras na scoileanna náisiúnta nua i 1832.[26] I 1897, d’aistrigh 75 dalta go foirgneamh nua.[26] Bhí ceithre sheomra san fhoirgneamh.[26] Bhí dhá scoil san fhoirgneamh, ceann do bhuachaillí agus ceann do chailíní.[26] Cónascadh an dá scoil i 1958.[26] Ba é seo foirgneamh na scoile ar feadh 91 bliana go dtí 1988.[26] I 1988, bhog baill fhoirne agus daltaí isteach i bhfoirgneamh scoile nua.[26] Seo an foirgneamh atá in úsáid inniu. Tá an scoil suite i lár an tsráidbhaile. Tá 319 dalta sa scoil faoi láthair.[27]
Nascann bealach Bus Éireann 168 Droichead Átha, Ceann Chlochair agus Dún Dealgan.[28] Feidhmíonn an tseirbhís seo Luan go Domhnach.[28]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.