Carlos Franqui

scríbhneoir Cúbach From Wikipedia, the free encyclopedia

Carlos Franqui

Scríbhneoir Cúbach, file, iriseoir, léirmheastóir ealaíne, agus gníomhaí polaitiúil ba ea Carlos Franqui (16 Aibreán, 2010 - 4 Nollaig, 1921). Tar éis coup d'état na bliana 1952, a d'eagraigh Fulgencio Batista, ghlac sé páirt san "Movimiento 26 de Julio", a bhí faoi stiúir Fidel Castro. Nuair a d'éirigh leis an Réabhlóid Chúbach, sa bhliain 1959, cuireadh é i gceannas ar Revolución, agus deineadh páipéar oifigiúil as ina dhiaidh sin. Tar éis difríochtaí leis an réimeas, d'fhág sé Cúba lena theaghlach agus sa bhliain 1968 bhris sé go hoifigiúil leis an rialtas nuair a shínigh sé litir a cháin an t-ionradh Sóivéadach ar an tSeicslóvaic. Go minic, nochtfadh sé tuairimí léirmheasa in aghaidh beartas an Rialtais Cúbach, go dtí go bhfuair sé bás ar 16 Aibreán, 2010.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Carlos Franqui
Thumb
Beathaisnéis
Breith4 Nollaig 1921
Cifuentes, Cúba
Bás16 Aibreán 2010
88 bliana d'aois
San Juan, Pórtó Ríce
Siocair bháisBás nádúrtha
Áit chónaitheSan Juan
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, iriseoir, polaiteoir
TeangachaAn Spáinnis
Gradam a fuarthas
Dún

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.