uachtarán Chúba (1940-1944) agus deachtóir (1952-1958) From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba uachtarán Chúba (1940-1944) agus deachtóir (1952-1958) é Fulgencio Batista y Zaldívar (16 Eanáir 1901 - 6 Lúnasa 1973). Bhí a réimeas mar dheachtóir fuilteach agus fealltach.
Tháinig Fulgencio Batista i gceannas ar an dtír mar dheachtóir i 1952. Cé go raibh aithne air go dtí sin mar liobrálaí, thosaigh sé a naimhde polaitiúla a chur faoi chois. Bhí géarchéim eacnamaíoch sa tír ag an am, le formhór na ndaoine ag maireachtáil i mbochtanas. Rialaigh sé an tír le cabhair Mheiriceá.
Chuir Fidel Castro agus a chomhghleacaithe (Che Guevara san áireamh) feachtas míleata nua in aghaidh an rialtais ar bun ag deireadh 1956. Chuir siad buíon chomhtháite troda nua ar bun i Meicsiceo ar dtús. Bhog siad ansin go dtí sléibhte an Sierra Madre, gar do Santiago de Cuba, suite in oirdheisceart na tíre.
Theith Batista ón oileán ar an 31 Nollaig 1958. Ghlac Castro seilbh ar Havana an lá dár gcionn, ar 1 Eanáir 1959.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.