Is í Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe (Béarla: Supreme Court of the United States) an chúirt is airde sna Stáit Aontaithe. Is cúirt achomhairc í an chúirt uachtarach.
De réir bhunreacht na Stát Aontaithe tá scaradh iomlán idir an Feidhmeannas (An tUachtarán agus a chuid airí), an Reachtas (An Chomhdháil agus an Seanad), agus na breithiúna. Mar sin tá ról níos lárnaí ag Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ná mar atá ag Cúirt Uachtarach na hÉireann de bharr gur tír fheidearálach í na Stáit Aontaithe agus gur ag an Chúirt atá an focal deiridh i roinnt na cumhachta idir na stáit éagsúla agus an rialtas feidearálach.[1]
Tá an Chúirt Uachtarach comhdhéanta de Príomh-Bhreitheamh na Stát Aontaithe, chomh maith le hochtar breitheamh eile. Ainmníonn uachtarán na tíre na breithiúna. Deimhnítear iad tar éis "comhairle agus comhthoiliú" (vóta tromlaigh) an tSeanaid. Tá na breithiúna ceaptha don saol.
Ó aimsir Ronald Reagan i leith tugadh taobh na polaitíochta isteach i ngnóthaí na gcúirteanna. Ach tá an deighilt domhain i láthair na huaire agus bíonn troideanna fíochmhara i dtithe na Comhdhála le linn ceapacháin breithimh[2]..
Tugann an t-uachtarán aitheasc faoi staid na haontachta os comhair tithe Chomhdháil Mheiriceá agus breithiúna na Cúirte Uachtaraí ag deireadh mhí Eanáir gach bliain.
29 Márta1937. West Coast Hotel Co. v Parrish: Cheadaigh an chúirt an dlí um íosphá i stát Washington.[3] Bhí sé ceadaithe ag an rialtas, de thoradh an chinnidh sin, dlíthe a chur i bhfeidhm a chuirfeadh isteach ar choinníollacha pá (agus ar an mhargadh go ginearálta). Déanta na fírinne, thug sé seo cumhacht níos mó don rialtas feidearálach agus meastar nach mbeidís in ann an Bheart Nua (New Deal} de chuid Franklin D. Roosevelt a chur i gcrích i gceart murach na cumhachtaí nua seo.[4]
17 Bealtaine1954. Brown v The Board of Education: Rialaigh an chúirt go raibh an dlí i gcuid de na stáit a chuir scoileanna poiblí ar leith ar fáil, do pháistí geala agus do pháistí gorma, ag teacht salach ar an bhunreacht. Réitigh an cinneadh seo an bealach don ghluaiseacht um chearta sibhialta a chuaigh chun cinn i ndeireadh na gcaogaidí agus sna seascaidí..[5]
5 Márta1956. Frasier v. Board of Trustees of the University of North Carolina: sheas an Chúirt Uachtarach leis an gcosc ar leithlisiú ciniúil i scoileanna stáit, coláistí agus, sa chás seo, sna ollscoileanna.[6][7][8][9][10]
12 Meitheamh1967. Loving v. Virginia[11]ː Rialaigh an chúirt go raibh deighilt ar bhonn cine i stáit áirithe ag teacht salach ar an bhunreacht. Bhí sé dírithe ar phósadh idirchiníoch mhuintir Loving in Virginia sna seascaidí. Bhí an pósadh idirchiníoch mídhleathach i Virginia na linne, mar a bhí in áiteanna eile, agus tharraing an bheirt srathair na hainnise orthu féin nuair a d’fhilleadar ar an bhfód dúchais tar éis pósadh in Washington DC.[12] Sheas siad an fód agus chuaigh an cás a fhad le cúirt uachtarach Mheiriceá.[13] Is ceiliúradh ar an ilchiníochas "Lá Loving" inniu, ar an 12 Meitheamh gach bliain.
22 Eanáir1973. Roe v Wade: Chuir an chúirt deireadh leis an chosc iomlán ar ghinmhilleadh. Rialaigh an chúirt go bhféadfadh dlí stáit cosc a chur ar ghinmhilleadh tar éis don suth a bheith inmharthana, ach roimhe sin go mbíonn tosaíocht ag cearta príobháideachta na mná.[14]
2 Iúil1976. Gregg v Georgia: Rialaigh an chúirt nach dtagann éiric an bháis salach ar bhunreacht na stát aontaithe. Ina dhiaidh seo, tháinig fás suntasach faoi líon na bpríosúnach a teilgeadh chun báis de bhéal snáithide, den chathaoir aibhléise nó ar bhealach eile.[16]
12 Nollaig2000. Bush v. Gore.[17] Chuir an Chúirt Uachtarach deireadh le athchomhaireamh na vótaí in olltoghchán na bliana 2000. Meastar go mbunaíonn roinnt de na breithiúna a gcuid cinneadh, ní ar a gcuid fealsúnachta dlí, ach go díreach ar an dearcadh polaitíochta atá acu.
21 Eanáir2010. Citizens United v Federal Electoral Commission: Bheartaigh an chúirt nach bhfuil sé dleathach aon srian a chur ar chaiteachas a dhéanfadh corparáid ar chraolta polaitiúla de bharr go dtiocfadh a leithéid de shrian a bheith salach ar Chéad Leasú an Bhunreachta.[18] Tugann an Chéad Leasú cosaint do chead cainte, agus de réir chinneadh na cúirte, is ionann corparáid agus duine chomh fada is a bhaineann sé le cead cainte. Meastar go bhfuil tábhacht an-mhór leis an chinneadh de bharr a thábhachtaí is atá caiteachas i dtoghcháin sna Stáit Aontaithe.[19]
1 Iúil2024. Trump v. United States:[20] Fuair Trump fuascailt mór ón dlí, i mbreithiúnas ar an 1 Iúil 2024 a rialaigh go bhfuil an iar-Uachtarán slán ó aon chontúirt cúiseamh do mhórchuid den méid a rinne sé agus é in oifig ó hEanáir 2017 go hEanáir 2021. Tá díolúine áirithe ó ionchúiseamh ag Trump de réir chinneadh Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe, a eisíodh ar an lá deireanach den téarma dlí 2023/2024.[21][22] Deir an cinneadh go bhfuil díolúine iomlán ag uachtarán in aon "bheart oifigiúil"[23] ach nach bhfuil aon díolúine aige in aon "bheart neamhoifigiúil" nó príobháideach. Fuair an cinneadh tacaíocht ó 6 den 9 mbreitheamh ar an gcúirt, ina measc an triúr a ceapadh i rith théarma uachtarántachta Trump féin agus atá ar an eite dheis ar fad. Ina theannta sin, rialaigh an Chúirt Uachtarach go gcaithfeadh cúirteanna níos ísle a oibriú amach cé mar a chuirfí an cinneadh seo i bhfeidhm.[21]