From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ainm coiteann ar roinnt speiceas iasc sna géinis Salmo agus Oncorhynchus den fhine Salmonidae é bradán. Tá siad dúchasach do chraobh-aibhneacha imchuach an Atlantaigh Thuaidh (Salmo) agus an Aigéin Chiúin Thuaidh (Oncorhynchus).
Rangaítear na seacht speiceas bradán a bhfuil tábhacht tráchtála ag baint leo sa dá ghéineas Salmo agus Oncorhynchus. Tá an bradán Atlantach (Salmo salar), a fhaightear ar dhá thaobh an Atlantaigh Thuaidh, sa ghéineas Salmo, in éineacht le níos mó ná 40 speiceas eile a dtugtar breac orthu go coitianta. Tá 12 speiceas aitheanta sa ghéineas Oncorhynchus a fhaightear go nádúrtha san Aigéan Ciúin Thuaidh amháin; tugtar “bradán” ar sé cinn acu agus “breac” ar an gcuid eile. Lasmuigh dá ngnáthóga dúchasacha, tugadh ríbhradáin isteach sa Nua-Shéalainn agus sa Phatagóin, agus tugadh bradáin coho, bradáin dhearga, agus bradáin Atlantacha isteach sa Phatagóin freisin.[1]
Bradáin | ||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Géineas | Pictiúr | Ainm coiteann | Ainm Laidine | |||||||||
Salmo (Bradán Atlantach) |
Bradán Atlantach | Salmo salar Linnaeus, 1758 | ||||||||||
Oncorhynchus (Bradán an Aigéin Chiúin) |
Ríbhradán | Oncorhynchus tshawytscha (Walbaum, 1792) | ||||||||||
Bradán keta | Oncorhynchus keta (Walbaum, 1792) | |||||||||||
Bradán coho | Oncorhynchus kisutch (Walbaum, 1792) | |||||||||||
Bradán masu | Oncorhynchus masou (Brevoort, 1856) | |||||||||||
Bradán bándearg | Oncorhynchus gorbuscha (Walbaum, 1792) | |||||||||||
Bradán dearg | Oncorhynchus nerka (Walbaum, 1792) |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.