foclóirí Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Foclóirí, teangeolaí, aistritheoir agus scríbhneoir Gaeilge ab ea Niall Ó Dónaill[1] (27 Lúnasa 1908, Loch an Iúir – 10 Feabhra 1995, BÁC).[2] Chuir an Dálach[3] in eagar an foclóir mór Gaeilge-Béarla a tháinig i gcló a chéad uair sa bhliain 1977.[4][5][6] Is beag scríbhneoirí na Gaeilge sna 1980idí-2000idí ar fud na cruinne nach raibh foclóir Uí Dhónaill acu – ‘Bíobla’ na Gaeilge a bhí ann ar go leor bealaí.[7]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 27 Lúnasa 1908 Loch an Iúir, Éire |
Bás | 10 Feabhra 1995 86 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Coláiste Adhamhnáin |
Gníomhaíocht | |
Gairm | foclóirí, teangeolaí |
Teangacha | An Ghaeilge |
Cainteoir dúchais ó Thír Chonaill a bhí ann. In Ailt an Eidhinn in aice le Loch an Iúir, paróiste Anagaire, Co. Dhún na nGall, a rugadh é 27 Lúnasa 1908. Ba é an duine ba shine de sheisear é.[8]
Trí Bhéarla amháin a cuireadh bunoideachas ar an Dálach i Scoil Loch an Iúir. Thug scoláireacht é go Coláiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn (1921-25), agus scoláireacht eile ón gcomhairle contae go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Bhí tosaithe aige ar scéalta agus aistí a chur i gcló in An tUltach in 1927 agus bhí ag aistriú don Ghúm ó 1929.
Scríobh an Dálach a shaith aistí agus gearrscéalta d’irisí ar nós ‘An tUltach’ sna 1930idí, agus ‘Comhar’ níos déanaí.
Ó 1959 go 1978 bhí sé ina Eagarthóir ar Foclóir Gaeilge-Béarla, a tháinig i gcló a chéad uair sa bhliain 1977.[5][9][10]. Ba é ba chuspóir ‘don fhoclóir seo an chuid is coitianta de stór focal na Nua-Ghaeilge a thabhairt le chéile agus a mhíniú i mBéarla’[8]
Thairis sin, d'fhoilsigh sé leabhar stairsheanchais faoi cheantar na Rosann sa bhliain 1952, Na Glúnta Rosannacha - ceann den bheagán leabhar Gaeilge a úsáideann litriú caighdeánach agus cló Gaelach.
D'aistrigh an Dálach príomhscríbhinní na Fiannaíochta go Nua-Ghaeilge sa leabhar Seanchas na Féinne a foilsíodh sa bhliain 1942 - foilsíodh eagrán nua caighdeánaithe de sa bhliain 1998 - agus phléigh sé staid chomhaimseartha na Gaeilge sa leabhar clúiteach Forbairt na Gaeilge (1951).
Scríobh sé beathaisnéis Sheán Mhistéil chomh maith, agus rinne sé a lán aistriúchán.
Ba eisean a chuir in eagar Cora Cinniúna, Cith is Dealán, Nuair a Bhí Mé Óg agus Caisleáin Óir le Séamus Ó Grianna i litriú nua-aimseartha a bhí inléite acu siúd nach raibh taithí acu ach ar an gCaighdeán.
Fuair a bhean Sorcha bás ar 5 Eanáir 1995 agus d’éag an Dálach 10 Feabhra na bliana céanna; in Ascaill Vernon, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí orthu.[8] Cuireadh iad i nGlas Naíon.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.