Bobby Charlton

imreoir sacair agus bainisteoir Sasanach From Wikipedia, the free encyclopedia

Bobby Charlton

Fear spóirt Sasanach ab ea Sir Bobby Charlton (a rugadh ar an 11 Deireadh Fómhair 1937 in Ashington, Northumberland agus a d'éag ar 21 Deireadh Fómhair 2023). Aithnítear é mar dhuine de na himreoirí sacair is fearr riamh.

Thumb
1962
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Sir
Bobby Charlton
Thumb
Ainm sa teanga dhúchais(en-gb) Bobby Charlton
(en) Bobby Charlton
Beathaisnéis
Breith(en-gb) Robert Charlton
11 Deireadh Fómhair 1937
Ashington, England
Bás21 Deireadh Fómhair 2023
86 bliana d'aois
Macclesfield District General Hospital, England (en)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síBedlingtonshire Community High School (en)
Loreto Grammar School (en)
Teanga dhúchaisBéarla
Airde173 cm
Gníomhaíocht
Réimse oibreSacar
Gairmimreoir sacair, dírbheathaisnéisí, bainisteoir sacair, beochantóir
Tréimhse oibre1954   2023
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Tír spóirtSasana
Spórtsacar
Disciplín spóirtsacar
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtImreoir lár páirce agus ionsaitheoir
Gníomhréim
  Youth sports (en)
1953–1956 Manchester United Football Club
  Foireann
1919–1978 Bangor City F.C. (en)
1953–1953 English Schools' Football Association (en) 4(5)
1954–1954 England national under-18 association football team (en) 1(1)
1956–1973 Manchester United Football Club (imreoir lár páirce, ionsaitheoir)606(199)
1958–1960 England national under-21 association football team (en) 6(5)
1974–1975 Preston North End F.C. (en) (imreoir lár páirce)38(8)
1976–1976 Waterford United Football Club (imreoir lár páirce)3(1)
1976–1976 Melbourne Victory FC (en) 14(7)
  Foireann spóirt náisiúnta
1958–1970   England men's national association football team (en) (imreoir lár páirce, ionsaitheoir)106(49)
  Cóitseálaí
1973–1975 Preston North End F.C. (en)
1983–1983 Wigan Athletic Football Club (eatramh)
Ghlac sé/sí páirt i
1970Corn FIFA an Domhain 1970
Meitheamh 19681968 UEFA European Championship (en)
Iúil 1966Corn FIFA an Domhain 1966
1962Corn FIFA an Domhain 1962
Meitheamh 1958Corn FIFA an Domhain 1958
Teaghlach
PáisteSuzanne Charlton
SiblínJack Charlton
Duine muintearthaJack Milburn ()
George Milburn ()
Gradam a fuarthas


BDFutbol: 41635
Dún

Imreoir

Thumb
2009
Thumb
The United Trinity, George Best, Denis Law agus Bobby Charlton

Bhí gairmréim fhada agus an-rathúil aige leis an bhfoireann Manchester United. Bhí sé ar duine de na 'Busby Babes' sna caogaidí, tagairt ar ndóigh d'imreoirí óga bhainisteoir na fóirne sin Matt Busby.[1]

Maraíodh go tragóideach cuid mhaith den fhoireann céadrogha sin de bharr na timpiste tragóidí a tharla ag Aerfort München i bhFeabhra na bliana 1958. 23 duine ar fad a maraíodh sa timpiste sin nuair a phléasc an t-eitleán ar an rúidbhealach agus í ag iarraidh éirí san aer. Bhíothas ag ceapadh go mba fhéidir nach n-imreodh Bobby Charlton arís i ndiaidh na timpiste sin mar gur léir do chách gur ghoill sé go mór air. Ach tháinig sé chuige féin, chuaigh ar ais i mbun traenála agus bhí ansin 10 mbliana níos deireanaí agus é cinniunach i 1968 i mbua Man United ar Benfica sa chluiche ceannais de Chorn na hEorpa.

Scóráil Charlton 249 cúl do Manchester United, curiarracht a mhair ar feadh i bhfad.

Bhí an rath céanna aige le foireann idirnáisiúnta Shasana chomh maith, Bhí sé ar an bhfoireann stairiúil sin i 1966 a bhuail an Ghearmáin Thiar (mar a bhí ag an am) i gCluiche Ceannais Chorn an Domhain. Sa bhliain chéanna, roghnaíodh é mar Pheileadóir na Bliana san Eoraip. D'imir Charlton 103 cluiche do Shasana.[1]

Chaith sé an chuid ba mhó dá ghairmréim ag imirt i lár na páirce, ag dul ar an ionsaí go minic agus ag aimsiú cúil. Ghnóthaigh sé naoi gcúl agus daichead le foireann Shasana, curiarracht a mhaireann fós.

Ar scor

D'éirigh Charlton as an imirt sa bhliain 1976, agus sa bhliain 1984 ghlac sé post ar Bhord Stiúrthóirí Manchester United.

Muintir

Ba fhear sacair mór le rá eile é a dheartháir Jack, a d'imir ina éineacht le foireann Shasana, an fear a stiúraigh foireann sacair Phoblacht na hÉireann le cáiliú do Chomórtas Euro '88 chomh maith le craobhacha an domhain i 1990 agus 1994.[1]

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.