From Wikipedia, the free encyclopedia
Is rolla aráin bog bán é an blaa. Itear i gContae Phort Láirge sa chuid is mó ach tá sé le fáil i gContae Chill Chainnigh agus i gContae Loch Garman freisin. Itear é de ghnáth le him agus uaireanta le hispín lóin (red lead). Blaa bricfeasta is ea blaa le slisín bagúin, ubh fhriochta agus ispíní. Deirtear gur thug na hÚgónaigh an blaa isteach sa 17ú haois. Deirtear freisin go dtagann an focal ón bhFraincis (blanc nó bán) de thoradh ar an bplúr. Is fearr iad a ithe tamall tar éis a gceannach mar bíonn siad níos úire ag an am sin.
Ar 19ú Samhain 2013, fuair an Blaa stádas Thásca Geografacha Faoi Chosaint ón Aontas Eorpach [1].
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.