From Wikipedia, the free encyclopedia
Gás nimhe nach bhfuil boladh as ná dath ann is ea an aonocsaíd charbóin, CO. Gintear é nuair a chuirtear carbón nó comhdhúile carbóin trí thine agus an ocsaigin ag éirí gann, ionas nach féidir an carbón a dhó ina dhé-ocsaíd. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil feidhmeanna nádúrtha éigin ag an aonocsaíd charbóin san orgánach, ach tríd is tríd is nimh í, agus í ag oibriú cosúil leis an gciainíd. Is é sin, téann an móilín aonocsáide carbóin in áit na hocsaigine i móilíní haemaglóibíne san fhuil, ionas nach féidir leis an haemaglóibín ocsaigin a iompar a thuilleadh.
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 27.99491462 Da |
Tacsón ina n-aimsítear é | |
Ról | antimetabolite (en) , gaseous signaling molecule (en) , developmental toxicant (en) agus príomh-mheitibilít |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | CO |
SMILES canónta | Model 2D [C-]#[O+] |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Dlús | 0.00125 g/cm³ |
Luas forleata fuaime | 338 m/s (0 °C, gás) |
Tuaslagthacht | 2 g/100 g (uisce, 20 °C) |
Móimint leictreach dhépholach | 0.11 D |
Pointe leáite | −205 °C −205 °C |
Fiuchphointe | −192 °C (a 760 Torr) −191.5 °C (a 101.325 kPa) |
Eantrópach mólarach caighdeánach | 197.7 J/(mol K) |
Móimint leictreach dhépholach | 0.11 D |
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe | −110.52 kJ/mol |
Galbhrú | 35 atm (a 20 °C) |
Guais | |
Teorainn inlasta íochtair | 12.5 vol% |
Teorainn inlasta uachtarach | 74 vol% |
Meánteorainn nochta ualaithe ama | 40 mg/m³ (10 h, luach ar iarraidh) 55 mg/m³ (8 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Uasteorainn nochta | 229 mg/m³ (luach ar iarraidh) |
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte | 1,380 mg/m³ |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () | |
Eile | |
éadathachas, odorlessness (en) , tastelessness (en) agus gás inlasta |
Nimhiú ó aonocsaíd charbóin is cúis le bás daoine ar fud na cruinne, nuair a bhíonn teasairí ag feidhmiú go lochtach nó nuair nach mbíonn aerchóireáil nó gaothráin ag feidhmiú mar is ceart. Is deacair diagnóis a dhéanamh ar nimhiú den chineál seo, rud a fhágann gur minic nach smaointítear air i gcásanna ina mbíonn daoine tinn. Fágann an nimhiú dath dearg na silíní ar an gcorp uaireanta (cé nach comhartha iontaofa é sin).
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.