Bhí cúlra tuathánach ag Anwar Sadat. D'éirigh sé ina oifigeach airm agus d'éirigh sé an-mhór le Nasser.[1]
Toisc go raibh an deargfhuath aige don chumhacht a bhí ag na Sasanaigh san Éigipt, bhí baint aige leis na Naitsithe i rith an Dara Cogadh Domhanda. Dá bhrí sin cuireadh i bpríosún é.
D'fhill Sadat ar an arm sa bhliain 1950 agus ghlac sé páirt in éirí amach Nasser nuair a threascair sé réimeas lofa an Rí Farouk.
Uachtarán
Is iomaí post a bhí ag Sadat i rialtas Nasser sular lean sé i gcumhacht é mar Uachtarán ar an Éigipt sa bhliain 1970. Bhí Sadat ina uachtarán na hÉigipte ó 1970 go dtí an 6 Deireadh Fómhair1981.
Tar éis theip na hÉigipte i gCogadh Yom Kippur, ní raibh sé sásta a bheith ag brath ar na Rúisigh an méid sin. Bhí sé sásta a bheith ag comhoibriú níos mó leis na Stáit Aontaithe.
Sa bhliain 1977, bhí sé de mhisneach aige cuairt a thabhairt ar Iosrael agus brú a chur ar Uachtarán Iosrael, Menachim Begin, páirt a ghlacadh i gcomhchainteanna síochána Camp David.
Tharraing an beart seo agus a dhearcadh i leith an iarthair ionsaithe ó na náisiúin Arabacha eile agus ó ghrúpaí míleata Ioslamacha san Éigipt. Is é an toradh a bhí air sin ná gur feallmharaíodh Sadat ar an 6 Deireadh Fómhair1981.
Cúpla lá níos déanaí, ceapadh Hosni Mubarak ina uachtarán ar 14 Deireadh Fómhair1981, an ceathrú ceann sa tír, tar éis feallmharú a réamhtheachtaithe Sadat.