teanga Rómhánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Iodáilis nó an Eadáinis, mar a thug Máirtín Ó Cadhain uirthi de réir a chanúna (Iodáilis: italiano nó lingua italiana) teanga náisiúnta na hIodáile. Labhraítear freisin í i gCathair na Vatacáine, san Airgintín, san Eilvéis, in Uragua, sa Bhrasaíl, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin agus san Fhrainc. Ceann de na teangacha oifigiúla is ea í san Eilvéis, chomh maith leis an bhFraincis, an Ghearmáinis agus an Réata-Rómáinis. Teanga bhundúchasach is ea an Iodáilis san Iodáil féin agus san Eilvéis, ach tháinig na pobail Iodálacha sna tíortha eile, go háirithe san Oileán Úr, ar an bhfód de thoradh na himirce, nó ba dual do na hIodálaigh riamh dul ar imirce. D'fhág na hinimirceoirí Iodálacha an-lorg ar chultúr na Stát Aontaithe agus na hAirgintíne, ach go háirithe, agus tá leathchaint na gcoirpeach san Airgintín, an lunfardo, lán focail iasachta ón Iodáilis.[1]
italiano agus Italiano | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 64,800,000 (2019) |
Dúchasach do | Graubünden, cantún Ticino, an Istria Chrótach, an Iodáil, Izola, Piran agus San Mairíne |
Stáit | an Iodáil, San Mairíne, an Eilvéis, Cathair na Vatacáine, an Chróit, an tSlóivéin, an Ghréig, an Albáin, an Aetóip, an Libia, an Eiritré agus an tSomáil |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Iodáilice teangacha Rómánsacha Italo-Romance (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir na hIodáilise agus aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Accademia della Crusca |
Staidéar ag | Italian studies (en) |
Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
Stair | history of Italian language (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | it |
ISO 639-2 | ita |
ISO 639-3 | ita |
Glottolog | ital1282 |
Linguasphere | 51-AAA-q |
Ethnologue | ita |
ASCL | 2401 |
IETF | it |
Tá an Iodáilis chaighdeánach bunaithe ar chanúint na Toscáine, ach is é an fuaimniú a chluinfeá i gcathair na Róimhe féin an fuaimniú is airde meas ar na saoltaí seo. Mar a deir na hIodálaigh féin, is í an Iodáilis is fearr ná lingua toscana in bocca romana, teanga na Toscáine i mbéal na Róimhe.
Seachas an Iodáil tá an Iodáilis scaipthe i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.
Cé go bhfuil Spáinnis an teanga oifigiúil tá an Iodáilis ó dhúchas ag timpeall is 1,500,000 duine san Airgintín.
I 2001 bhí Iodáilis ó dhúchas ag 316,890 duine san Astráil. Is í an tríú teanga dhúchais is coitianta san Astráil tar éis an Bhéarla agus na Sínise.
I 2011 bhí Iodáilis ó dhúchas ag 407,485 duine (1.2% de dhaonra na tíre) i gCeanada. Bhí an líon ag dul i laghad, nó bhí an teanga ó dhúchas ag 455,040 duine (1.5%) duine sa bhliain 2006.
Tá stair fhada ag an Iodáilis sa Chróit, go háirithe in Istria. Tá sí ó dhúchas ag 0.43% de dhaonra na Cróite. Sa lá atá inniu ann tá stádas mar theanga oifigiúil mionlaigh aici in Istria, agus í ó dhúchas ag 6.83%.
Ceann de na teangacha oifigiúla í an Iodáilis san Eilvéis. Sa bhliain 2011 ba í an Iodáilis an phríomhtheanga ag 545,274 duine san Eilvéis, is é sin 8.2 % de dhaonra na tíre. Is í an tríú teanga is mó a labhraítear san Eilvéis. Is iad na cantúin is mó Iodáilis ná Ticino agus Graubünden (Grissons, Grigione, Grischun) - deisceart an chantúin.
De réir an daonáirimh ón mbliain 2011 bhí Iodáilis ar an dara teanga déag is mó a labhraítí i bPoblacht na hÉireann san am, amach ó na teangacha oifigiúla. Bhí an Iodáilis ó dhúchas ag 10,344 duine sa Phoblacht. Rugadh 3,624 duine acu, nó 35 %, sa Phoblacht féin, agus tháinig an chuid eile acu, 6,720 duine nó 65 %, as tíortha eile.
Sa bhliain 2013 bhí an Iodáilis ó dhúchas ag 8,214 duine sa Nua-Shéalainn.
Is í an Iodáilis an t-aon teanga oifigiúil i San Mairíne, agus is í atá ó dhúchas ag an gcuid is mó de mhuintir na tíre.
Meastar go bhfuil Iodáilis ag tuairim is 15 % de dhaonra na Slóivéine mar theanga neamhdhúchais. Ceann de na céatadáin is airde san Aontas Eorpach atá ann. Sa bhliain 2002 bhí an teanga ó dhúchas ag 3,672 duine sa tSlóivéin. Bhí cónaí ar 2,853 duine, nó 75.8 %, acu i gceann de na trí bardais ina bhfuil stádas oifigiúil ag an Iodáilis in éineacht leis an tSlóivéinis. Is iad Piran, Koper agus Izola na trí bardais sin. Meastar go mbaineann 5 % de dhaonra na Slóivéine úsáid as an Iodáilis go laethúil.
Sa bhliain 2010 bhí an Iodáilis ó dhúchas ag 764,236 duine de mhuintir na Stát Aontaithe. Bhí cónaí ar 28 % acu, nó 213,785 duine, i Nua-Eabhrac.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.