From Wikipedia, the free encyclopedia
Scoláire Ioslamach ab ea Al-Ghazali (R-A: /ælˈɡɑːzɑːli/, SAM: /ˌælɡəˈzɑːli, -zæl-/; ainm agus sloinne iomlán أَبُو حَامِدٍ مُحَمَّدُ بْنُ مُحَمَّدٍ ٱلطُّوسِيُّ ٱلْغَزَالِيُّ or ٱلْغَزَّالِيُّ, Abū Ḥāmid Muḥammad ibn Muḥammad aṭ-Ṭūsiyy al-Ġaz(z)ālīy; nó Algazelus nó Algazel; timpeall 1058 – 19 Nollaig 1111).
Ainm sa teanga dhúchais | (ar) أبو حامد محمد بن محمد الغزالي |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 1058 Tus |
Bás | 19 Nollaig 1111 52/53 bliana d'aois Tus |
Áit adhlactha | Mashhad |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Ioslam, an tIoslam Sunnaíoch, Sufaisteachas agus Ash'ari (en) |
Áit chónaithe | Nishapur Bagdad An Damaisc Iarúsailéim |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Islamic philosophy (en) , diagacht, Sufaisteachas, Ilm al-Kalam (en) agus Islamic ethics (en) |
Suíomh oibre | An tSiria |
Gairm | fealsamh, dlí-eolaí Ioslamach, journal editor (en) , file, mutakallim (en) , dírbheathaisnéisí, iriseoir |
Fostóir | Al-Nizamiyya Bhagdad |
Mac/iníon léinn de chuid | Al-Juwayni agus Abū ‘Alī al-Fadl b. Muhammad al-Fāramidhī |
Mac/iníon léinn | Abu Bakr ibn al-Arabi |
Teangacha | An Pheirsis agus an Araibis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Siblín | Ahmad Ghazali |
Tá clú agus cáil ar fud an domhain ar al-Ghazali mar fhealsúnaí, scoláire agus mar dhiagaire nó Mujaddid.[1] Bhí Al-Ghazali (mar a thugtar air go hiondúil) i measc na dlíodóirí is tábhachtaí chomh maith i stair de chuid na Peirse (an Iaráin inniu). Ba mhisteach Súfaíoch é chomh maith, cosúil le Rumi.
Rugadh al-Ghazālī i Tus sa Pheirs (an Iaráin inniu).
Meastar go forleathan gurb é al-Ghazali an smaointeoir Ioslamach is údarásaí sa 12ú haois agus níos déanaí.[2]
Diagaire, fealsamh agus misteach, is fearr aithne air as an ionsaí a rinne sé (go mór mór i 'Neamhréireacht na bhFealsúna') ar an úsáid a bhí á baint as fealsúnacht ársa na Gréige chun an diagacht Ioslamach a léiriú.
Is aithne ar al-Ghazali chomh maith as an iarracht a rinne sé chun an creideamh príomhshrutha agus an Súfaíochas a thabhairt le chéile.[2]
Ina theannta sin, bhí al-Ghazali ina scoláire ar an dlí Ioslamach. Bhí sé ina bhall den ghluaiseacht Shafi'i,
Sa bhliain 1111 (Jumada Al-Thani 15, 505AH) a d'éag an scoláire, in aois 53 dó.
Ní féidir a shéanadh go raibh misean al Ghazali aspalda, geall leis, ar nós mhisean Kant na Gearmáine san ochtú haois déag. Ach tá difríocht shuntasach amháin, áfach, idir al-Ghazali agus Kant, a scríobh Gabriel Rosenstock. Nuair nár aimsigh al Ghazali dóchas ar bith sa smaointeoireacht anailíseach, tharraing sé an taithí mhisteach chuige féin agus fuair ábhar neamhspleách do reiligiún inti.[3] "Fiú má chuaigh al Ghazali ábhairín rófhada leis an sceipteachas fealsúnach, is é an t-éacht céanna a dhein sé i ndomhan Ioslam nuair a bhain sé an bonn den réasúnachas uaibhreach, ach tanaí, a bhí ag dul sa treo céanna is a chuaigh an réasúnachas sa Ghearmáin roimh Kant."
An réabhlóid sin, cuid mhaith, agus a stair phearsanta féin a thug ar al Ghazali reiligiún a bhunú ar sceipteachas fealsúnach — bonn neamhshábháilte le haghaidh reiligiúin agus bonn nach bhfuil ag teacht go hiomlán le spiorad an Córáin.
Is mór an tionchar atá fós ag tuairimí al Ghazal ar go leor ábhar. Níltear ar aon intinn ar chuidigh an tionchar atá aige fós le bac a chur ar Ioslam déileáil mar is cuí le saol na haimsire seo agus leis an bpáirt atá ag na heolaíochtaí ann.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.