úrscéal le Tim Armstrong From Wikipedia, the free encyclopedia
Is úrscéal le Tim Armstrong é Air Cuan Dubh Drilseach (Gaeilge: Ar Fharraige Dhubh Thrilseach) a d'fhoilsigh CLÀR sa bhliain 2013.[1]
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Tim Armstrong |
Teanga | Gaeilge na hAlban |
Foilseachán | Albain, 2013 |
Foilsitheoir | CLÀR |
Tréith | |
Seánra | ficsean eolaíochta |
Eile | |
Uimhir OCLC | 849798578 |
Is é Air Cuan Dubh Drilseach an chéad leabhar cruafhicsean eolaíochta sa Ghàidhlig a scríobhadh do dhaoine fásta.[2] Cuimsíonn an scéal gnéithe den cheoldráma spáis, cibearphunc, rómánsaíocht, agus eachtraí bhanna ceoil an bhóthair.
Gaeilge na hAlban a labhraíonn gach carachtar san úrscéal seo, rud a ligeann don údar domhan lán-Ghaelach a chruthú.[3] Ardsibhialtacht uathlathach agus sárchaipitlíoch an tsochaí a ndéantar léiriu uirthi ann.
Foilsíodh leagan Gaeilge sa bhliain 2020. Leabhar Breac a d'fhoilsigh Tinte na Farraige Duibhe, aistriúchán a rinne Eoin P. Ó Murchú. Ainmníodh an t-aistriúchán ar ghearrliosta aistriúchán Ghradam de Bhaldraithe ag duaiseanna liteartha an Oireachtais.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.