From Wikipedia, the free encyclopedia
Foilsíodh an 6ú Tuarascáil de chuid an Phainéil Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIRAA) na Náisiún Aontaithe sa bhliain 2021/2022. Thug an PIRAA foláireamh faoi ghuaiseacha aeráide nach féidir a sheachaint. Foilsíodh
Deir an IPCC gur in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta go dtí seo, tá athrú aeráide mar gheall ar ghníomhaíocht an chine dhaonna ag cur isteach go mór ar an dúlra agus ag cur isteach isteach ar shaol na billiún duine ar fud an domhain.[5] Deir Cathaoirleach an ghrúpa Hoesung Lee gur foláireamh tubaisteach atá ann maidir leis an tionchar a bheidh ar chúrsaí muna ndéantar gníomhú go pras, agus gur bagairt mhór atá san athrú aeráide ar shláinte daoine agus ar phláinéad sláintiúil ag rá nach leor lagiarrachtaí a thuilleadh.[5]
Is achoimre atá sa Tuarascáil do lucht déanta polasaithe maidir leis an eolas eolaíoch faoin tionchar atá ag athrú aeráide ar chúrsaí. Deirtear sa tuarascáil go bhfuil guaiseacha aeráide nach féidir a sheachaint i ndán don domhan idir na blianta 2022-2042, mar gheall ar théamh domhanda do 1.5C.[5]
Tarlóidh tuilleadh tonnta teasa, triomaigh, agus tuilte. Beidh na milliún duine gann ar bhia agus ar uisce dá bharr cheana féin, go háirithe san Afraic, san Áis agus i lár agus i ndeisceart Mheiriceá Theas chomh maith le ar oileáin bheaga san Artach.[5]
Páistí an lae inniu a mhairfidh go dtí an bhliain 2100, feicfidh siad a ceithre oiread tubaistí aeráide thar mar a bhíonn againne sa lá inniu má ardaíonn an teocht fiú cúpla deichiú cuid de chéim eile. Dar leis na heolaithe idirnáisiúnta seo, má ardaíonn an teocht 2 chéim Celsius eile, beidh ar na páistí sin déileáil lena chúig oiread tuilte, stoirmeacha, triomach, agus tonnta teasa.[6]
Deirtear go gcaithfidh polaiteoirí maoiniú agus tacaíocht a chur ar fáil más leo an chontúirt dhomhanda a mhaolú agus caithfidh an pobal, an earnáil phríobháideach agus na rialtais comhoibriú ar mhaithe leis an gceartas, an comhshaol agus todhchaí na cruinne.[6]
Sa tuarascáil seo, mhol an Painéal Saineolaithe cur chuige iltaobhach.[4] Fáil réidh le breoslaí iontaise agus díriú ar fhoinsí nach scaoileann carbón ar bith nó fíorbheagán an sprioc atá uathu. Moltar dul i muinín foinsí amhail an ghrian, an ghaoth, uisce, hidrigin nó fuinneamh núicléach.[7]
Moltar chomh maith foirgnimh a dhéanamh níos éifeachtúla in úsáid fuinnimh agus athruithe a dhéanamh ar ár nósmhaireachtaí saoil – gearradh siar ar an méid feola a ithimid agus ar na heitiltí a dhéanaimid. Déantar moltaí sa tuarascáil chomh maith maidir le carbón a bhaint as an atmaisféar – trí chrainnte a chur agus bealaí feirmeoireachta a athrú, srl.[7]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.