comhairleoir slándála don uachtarán Meiriceánach Jimmy Carter From Wikipedia, the free encyclopedia
Comhairleoir slándála don uachtarán Meiriceánach Jimmy Carter a bhí in Zbigniew Kazimierz Brzezinski (Polainnis: Zbigniew Kazimierz Brzeziński) (a rugadh ar 28 Márta 1928-26 Bealtaine 2017).
Rugadh Brzezinski i Vársá, sa Pholainn. Ba thaidhleoir Polannach é athair Zbigniew, agus mar sin chaith sé tamall ina chónaí sa Fhrainc agus ansin sa Ghearmáin nuair bhí ina pháiste.
Sa bhliain 1938 chuaigh an teaghlach go Ceanada nuair a chuir rialtas na Polainne a athair chuig post nua thall ansin. Ghlac sé saoránacht na Stát Aontaithe sa bhliain 1958. (Níor ghlac sé saoránacht Cheanadach chuige féin ariamh.)
Níos déanaí, bhí Brzeziński ina ollamh le polasaí eachtrannach Meiriceánach ag Ollscoil Johns Hopkins i mBaltimore, agus ina comhairleoir ag an Center for Strategic and International Sudies (CSIS) in Washington, D.C.
Bronnadh Bonn Saoirse an Uachtaráin sa bhliain 1981. Sa bhliain 1995 ghlac sé ballraíocht in Ord an Iolair Bháin ó uachtarán na Polainne.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.