ealaíontóir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is amharc-ealaíontóir Éireannach í Yvonne McGuinness (a rugadh ar 12 Deireadh Fómhair 1972) a oibríonn i gcomhthéacsanna éagsúla, suiteán físeáin agus cló san áireamh. Rugadh í i gCill Chainnigh, Éire agus tá sí lonnaithe anois i mBaile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath. Léiríodh a saothair in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, agus tá MA bainte amach aici ón gColáiste Ealaíne Ríoga i Londain.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Deireadh Fómhair 1972 51 bliana d'aois Cill Chainnigh, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Ríoga na nEalaíon |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amharcealaíontóir |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Cillian Murphy (2004–) |
Duine muinteartha | John J. McGuinness () |
Suíomh gréasáin | yvonnemcguinness.com |
Dar le heolas beathaisnéise a foilsíodh sa bhliain 2004, "Recent works have been preoccupied with notions of portrayal of the self and with deception, dealing with the sublimated desire for self-expression of the artist and the tension between revelation and concealment." [2]
Tá roinnt gearrscannán déanta aici, This is between us (2011), Charlie’s Place (2012), agus Procession (2012). [3]
Sa bhliain 2004, phós McGuinness Cillian Murphy, a raibh sí i gcaidreamh fadtéarmach leis roimhe sin. Tá beirt mhac acu, a rugadh i mí na Nollag 2005 agus i mí Iúil 2007 faoi seach.[4] Is é John McGuinness, polaiteoir de chuid Fhianna Fáil, a huncail.[5]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.