From Wikipedia, the free encyclopedia
Banna phopcheoil clúiteach ab ea na Wings sna 1970idí. Bhunaigh Paul McCartney ó The Beatles an grúpa Wings lena bhean chéile Linda Eastman. Bhain Wings rath nach beag amach chomh maith, le rianta cáiliúla ar nós Live and Let Die, Band On The Run, Jet agus Mull of Kintyre.
Baill | |
---|---|
William Campbell Shears ( - ). Ceoltóir Linda McCartney (Scarsdale, 24 Meán Fómhair 1941 - Tucson, 17 Aibreán 1998). Amhránaí Denny Seiwell (Lehighton (en) , 10 Iúil 1943 - ). Ceoltóir Henry McCullough (Port Stíobhaird, 21 Iúil 1943 - Baile Monaidh, 14 Meitheamh 2016). Giotáraí Laurence Juber (Stepney, 12 Samhain 1952 - ). Giotáraí | |
Sonraí | |
Cineál | banna ceoil |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1971, Sasana |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1971 – 1981 |
Lipéad ceoil | Apple Capitol Records Columbia Records |
Seánra | Popcheol rac agus rac bog |
Saothar suntasach |
|
Suíomh gréasáin | http://www.PaulMcCartney.com |
Tar éis do McCartney dhá albam a eisiúint mar cheoltóir aonair (McCartney agus Ram) rinne sé cinneadh an banna "Wings" a chur le chéile lena bhean Linda Eastman, agus le hamhránaí na Moody Blues, Denny Laine agus ceoltóirí eile.
D'athraigh pearsanra an bhanna seo go minic agus bhí seinnteoir giotáir Éireannach, Henry McCullough mar bhall ar feadh tamaill. Tá a shár-scil giotáir le cloisteáil san amhrán My Love i measc amhráin eile.
Bhain an banna seo cáil ollmhór amach agus bhíodar ar cheann de na bannaí is cáiliúla sna 1970idí, lena n-albaim Band on the Run agus Venus and Mars ag sroicheadh barr na gcairteacha ar fud an domhain. Ba é a n-amhrán Mull of Kintyre an singil ba mhó díol i Sasana ar feadh na mblianta fada go dtí go dtáinig Band Aid ar an fhód.
Ar an 10 Feabhra 1972 chuir an BBC cosc ar an singil "Give Ireland Back to the Irish"[1]
Faoi dheireadh a réime i 1980 bhí beagnach an méid céanna singil #1 ag McCartney agus Wings ná mar a bhí ag John Lennon, George Harrison agus Ringo Starr curtha le chéile. Cé go raibh cuid dá gceol ar chaighdeán níos ísle na mar a bheifí ag súil leis ó McCartney, d'éirigh leis a theacht amach ó scáth na mBeatles agus a thaispeáint go raibh sé ar a chumas banna fíorcháiliúil a chur le chéile.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.