scoláire agus teangeolaí Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Scoláire Éireannach a raibh an-spéis aige sa Ghaeilge ab ea William Haliday (1788–1812).[1] Uaireanta d’úsáideadh sé leagan Gaelaithe dá ainm, William O’Hara, agus i ndoiciméid áirithe mílitrítear a shloinne mar Halliday. Mac le ceardaí as Baile Átha Cliath é, agus rugadh timpeall na bliana 1788 é. Rinne sé staidéar ar an nGaeilge, agus d'fhoilsigh sé leabhar gramadaí nuair a bhí sé 19 bliain d'aois faoin ainm cleite Edmond O’Connell (a shínigh sé E.O’C).[2] Oileadh mar aturnae é.[3] I 1808, in éineacht le hÉadbhard Ó Raghallaigh, an Dochtúir John Lanigan, agus an tAthair Pól Ó Briain (Ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Má Nuad), bhunaigh sé Cumann Gaelach Bhaile Átha Cliath (Gaelic Society of Dublin), mar iarracht ar an nGaeilge a shábháil.[4]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1788 Baile Átha Cliath |
Bás | 1812 23/24 bliana d'aois Dún Droma |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Edmond O'Connell |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gramadóir |
Teaghlach | |
Siblín | Charles Haliday |
Fuair sé bás gan ach 24 bliain slánaithe aige, ar 26 Deireadh Fómhair 1812 agus cuireadh é i reilig Theach Naithí i nDún Droma. Chum an Dr. Lanigan an inscríbhinn ar a leac uaighe. Ba é an staraí Charles Haliday a dheartháir níos óige.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.