Príomh-Aire na hUngáire ó 1998 go 2002, 2010– From Wikipedia, the free encyclopedia
Is Príomh-Aire na hUngáire é Viktor Mihály Orbán. Rugadh é ar 31 Bealtaine 1963. Tá sé go mór ar an eite dheas.
Sa bhliain 2015, tógadh balla ar an teorainn theas idir an Ungáir agus an tSeirbia chun inimircigh nó teifigh a choimeád amach. Tá an balla seo ceithre mhéadar ar airde agus 170 km ar fad.[1] D´fhógair Promh-aire na hUngáire Viktor Orbán tógáil an bhalla i Mí an Mheithimh 2015.
Ar an 15 Meán Fómhair 2015, bhí "staid éigeandála" fógraithe ag Orbán. Mhaígh sé go raibh os cionn "200,000 imirceach" tar éis a mbealach a dhéanamh isteach sa tír i mbliana, rud nach raibh fíor go baileach (níor fhan siad sa tír, thrasnaigh siad an Ungáir).[2][3]
De réir mar atá an tAontas méadaithe tá an riachtanas go mbeadh ballstáit ar aon fhocal ag éirí níos deacra le cur i bhfeidhm. Mar shampla chinn Orbán in 2023 cosc a chur le hairgead breise don Úcráin, agus na ballstáit eile ag cur go gníomhach ina choinne.[4]
I mí Nollag 2023, bhí sé ina imní ag an am go mbainfeadh Orbán leas as veto chun bac a chur ar chainteanna ballraíochta leis an Úcráin. Mhaígh sé nach ngéillfeadh sé do bhrú ó stáit eile san AE ach sa deireadh níor bhain sé leas as a veto.[5] Bhí Orbán i gcónaí i gcoinne na hÚcráine a bheith ina ball den Aontas. Ach shiúil sé amach as an seomra le linn do na ceannairí eile a bheith ag caitheamh vóta ar an gceist, rud a d’fhág gur glacadh leis an rún.[6] (Níos déanaí, vótáil Orbán i gcoinne pacáiste fóirithinte – gur fiú €50bn é - a thabhairt don Úcráin).
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.