Vicky Phelan
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bean Éireannach as Móin Choinn i gContae Chill Chainnigh,[1] ab ea Vicky Phelan (28 Deireadh Fómhair 1974 - 14 Samhain 2022), a bhain clú amach san fheachtas chun cúiteamh a fháil d'íospartaigh Scannal CervicalCheck.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Deireadh Fómhair 1974 Luimneach, Éire ![]() |
Bás | 14 Samhain 2022 48 bliana d'aois Luimneach, Éire ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dlíodóir ![]() |
Gradam a fuarthas
| |
![]() ![]() |
Dún
Tharraing a troid aird ar chearta na n-othar agus ar an leatrom a rinneadh ar mhná ar fud na tíre a fuair torthaí míchruinne ar thástálacha smearaidh don ailse i mbéal na broinne. Thuill sí meas as cuimse as an mbealach a lean sí lena feachtas agus í ag dul i ngleic ag an am céanna leis an ngalar a mharaigh sa deireadh í.[2]