From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is Vallisneria (ainmnithe in onóir Antonio Vallisneri[1][2]) ann ná géineas de phlandaí fionnuisce, ar a dtugtar go coitianta miléarach, féar ribíneach nó vallis. Bíonn an géineas scaipthe thar limistéar mór agus go forleathan i réigiúin trópaiceacha agus fothrópaiceacha na Áise, na hAfraice, na hEorapa, agus Mheiriceá Thuaidh.[3]
Vallisneria spiralis | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Alismatales |
Fine | Hydrocharitaceae |
Géineas | Vallisneria L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Vallisneria spiralis |
Is planda tumtha é Vallisneria a leathann amach trí reathairí agus uaireanta cruthaíonn an planda móinéir arda faoin uisce. Tagann duilleoga chun cinn i mhogaill as a gcuid fréamhacha. Bíonn barra cruinne ar na duilleoga, agus féitheacha ardaithe ae leith acu. Fásann bláthanna bána baineannaigh go dtí dromchla an uisce - ar ghais fhada. Fásann bláthanna fireannaigh ar ghais ghairide, scarann siad, agus snámhann siad go dtí an dromchla. Bíonn an toradh ina chapsúl, cosúil le banana le go leor síolta beag bídeach aige.[4][5]
Uaireanta bíonn daoine idir dhá chomhairle faoi cé acu atá ann Vallisneria nó Sagittaria mar bíonn siad cosúil lena chéile ar an taobh amuigh nuair a fhástar iad faoi uisce.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.