Vársá
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Vársá (Warszawa as Polainnis, Warschau as Gearmáinis, Warsaw as Béarla, Varsovie as Fraincis) príomhchathair na Polainne. Bronnadh céimíocht na príomhchathrach uirthi sa bhliain 1596. Tá sí suite cois Abhainn Wisła (Béarla: Vistula, Gearmáinis: die Weichsel), ar aon fhad ó chósta theas Mhuir Bhailt agus ó Shléibhte Charp. Meastar go raibh 1,676,600 duine ina gcónaí sa chathair féin sa bhliain 2004, ach má chuirtear san áireamh iad siúd a raibh cónaí orthu sna cathracha timpeall Vársá, ardófar an figiúr sin go 2,400,000, a bheag nó a mhór. Tá an chathair féin 516.9 ciliméadar cearnach ar achar, ach má chuirtear na cathracha ina timpeall leis an uimhir sin, is é an t-achar a gheofar ná 1226.7 ciliméadar cearnach.
Vársá | |||||
---|---|---|---|---|---|
Warszawa (pl) | |||||
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Pholainn | ||||
Voivodeship of Poland (en) | Masovian Voivodeship (en) | ||||
Príomhchathair de | an Pholainn (1596–) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,860,281 (2021) | ||||
• Dlús | 3,596.55 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Pholainnis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 517.24 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Viostúile | ||||
Airde | 103 m | ||||
Ar theorainn le | Contae Warsaw West (2002–) Contae Mińsk (2002–) Contae Wołomin (2002–) Contae Otwock (2002–) Contae Pruszków (2002–) Contae Piaseczno (2002–) Contae Legionowo (2002–) | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Contae Vársá (1999–2002) | ||||
Cruthú | 13 haois | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Vársá | Rafał Trzaskowski (2018–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 00-000 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 22 | ||||
Cód NUTS | PL127 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | um.warszawa.pl | ||||
Tá Vársá ina príomhchathair ar Chúige na Masóive freisin, agus í ina cathair thábhachtach tionsclaíochta, nó tá monarchana de chineálacha éagsúla le fáil ansin: déantúsaíocht, miotalóireacht, innealtóireacht leictreach agus déantús carranna. Tá sé fhoras ardoideachais is trí scór i Vársá chomh maith, ar nós Ollscoil Vársá, Ollscoil Teicneolaíochta Vársá, an Ardscoil Gnó agus an tAcadamh Míochaine. Thairis sin, tá breis is deich n-amharclann fichead ag obair sa chathair, ar nós Amharclann Náisiúnta agus Ceoldrámaíochta na Polainne.