![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/bc/Ulf_von_Euler.jpg/640px-Ulf_von_Euler.jpg&w=640&q=50)
Ulf von Euler
From Wikipedia, the free encyclopedia
Fiseolaí a rugadh i Stócólm na Sualainne ab ea Ulf Svante von Euler (7 Feabhra 1905 – 9 Márta 1983). Saolaíodh é do bheirt eolaithe, Hans von Euler-Chelpin, ollamh le ceimic, agus Astrid Cleve, ollamh le luibheolaíocht agus geolaíocht. Gearmánach ab ea a athair; bronnadh Duais Nobel air sa bhliain 1929.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Dún
D'oibrigh Ulf in Institiúid Karolinska. Tháinig sé den chéad uair ar phrostaglaindin i 1936. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice (míochaine) i 1970 le Bernard Katz is Julius Axelrod as noraidreinilín (noireipineifrín) a aonrú is a aithint mar néaratharchuradóir sa chóras néarógach comhbhraiteach. Uachtarán ar Fhondúireacht Nobel níos déanaí.[1]