![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/85/Numbers_grid_in_NY.jpg/640px-Numbers_grid_in_NY.jpg&w=640&q=50)
Uimhir
From Wikipedia, the free encyclopedia
Coincheap chun rudaí a chomhaireamh is comparáid a dhéanamh ar mhéid grúpaí rudaí. Is iad na huimhreacha aiceanta na bunuimhreacha a úsáidtear chun comhairimh: 1, 2, 3, 4, 5, …. Is slánuimhreacha iad seo i gcónaí. Ach cuimsíonn sraith iomlán na slánuimhreacha na huimhreacha aiceanta go léir (na slánuimhreacha dearfacha), nialas, agus na huimhreacha diúltacha: -3, -2, -1, …. Is uimhreacha cóimheasta iad na huimhreacha go léir is féidir a scríobh sa bhfoirm m/n, ar slánuimhreacha iad m is n, is cuma dearfach nó diúltach iad. Cuimsíonn na huimhreacha cóimheasta ceartchodáin (ina bhfuil an t-uimhreoir níos lú ná an t-ainmneoir, mar shampla 3/8) agus leaschodáin (ina bhfuil an t-uimhreoir níos mó ná an t-ainmneoir, mar shampla 8/3). Is uimhir mheasctha í suim shlánuimhreach is ceartchodáin, cosúil le 2¼. Is codán deachúil codán le hainmneoir ar cumhacht éigin de 10 é, scríofa mar seo: 0.3, 0.569, is mar sin de. Is deachúil athfhillteach codán deachúil ina dtimthriallann seicheamh figiúirí mar seo: 0.037037037… a scríobhtar, 0.037´, ionann is 37/999 nó 1/27. Is féidir gach deachúil athfhillteach a scríobh mar uimhir chóimheasta.[1]