![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/3f/HK_%25E4%25BD%2590%25E6%2595%25A6_Jordan_%25E8%25A3%2595%25E8%258F%25AF%25E5%259C%258B%25E8%25B2%25A8_Yue_Hwa_Chinese_Products_Emporium_%25E7%2590%25B5%25E7%2590%25B6_Music_%25E4%25BA%258C%25E8%2583%25A1_String_instruments.jpg/640px-HK_%25E4%25BD%2590%25E6%2595%25A6_Jordan_%25E8%25A3%2595%25E8%258F%25AF%25E5%259C%258B%25E8%25B2%25A8_Yue_Hwa_Chinese_Products_Emporium_%25E7%2590%25B5%25E7%2590%25B6_Music_%25E4%25BA%258C%25E8%2583%25A1_String_instruments.jpg&w=640&q=50)
Téaduirlis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is téaduirlis[1] ann ná gléas ceoil a ngintear an fhuaim trí chrith sreinge rite nó roinnt sreang rite, déanta as caolán, miotal nó níolón. Déantar na creathanna trí bhogha a oibriú thar na sreanga, nó na sreanga a bhualadh nó a phiocadh. Bíonn difríochtaí i líon na sreang is a dtiúnadh, ach de bharr gur deacair sreang amháin a oibriú le bogha gan teagmháil leis na sreanga cóngaracha, fiú agus droichead cuartha ar an ionstraim, de ghnáth ní bhíonn thar 6 shreang ar uirlisí bogha. Bíonn 4 shreang ar na gnáthghléasanna bogha sa cheolfhoireann anois: an veidhlín, an vióla, an dordveidhil is an t-olldord (ach amháin in olldord annamh le 5 shreang). Cuirtear méarchláir in oiriúint ar chuid de na téaduirlisí a phioctar. Seinntear cuid eile le bataí nó casúir, nó pioctar nó méaraítear iad le méara nó figíní. I gcásanna áirithe stoptar na sreanga, de ghnáth le brú mhéara an tseinnteora, chun airdí éagsúla a sheinm, ach seinntear cuid mhaith eile oscailte gan stopadh. Nuair a stoptar iad, bíonn cipíní méire (bandaí ardaithe miotail, caoláin nó adhmaid) ar an méarbhord chun go mbíonn sé éasca na nótaí cruinne a aimsiú is nótaí soiléire a dhéanamh. Is gléasanna pobail cuid mhaith de na huirlisí gan bhogha, agus is í an t-aon cheann a fhaightear i gceolfhoireann an lae inniu ná an chláirseach. Is féidir uirlisí bogha a phiocadh freisin, teicníocht a dtugtar pizzicato uirthi.[2]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/3f/HK_%E4%BD%90%E6%95%A6_Jordan_%E8%A3%95%E8%8F%AF%E5%9C%8B%E8%B2%A8_Yue_Hwa_Chinese_Products_Emporium_%E7%90%B5%E7%90%B6_Music_%E4%BA%8C%E8%83%A1_String_instruments.jpg/640px-HK_%E4%BD%90%E6%95%A6_Jordan_%E8%A3%95%E8%8F%AF%E5%9C%8B%E8%B2%A8_Yue_Hwa_Chinese_Products_Emporium_%E7%90%B5%E7%90%B6_Music_%E4%BA%8C%E8%83%A1_String_instruments.jpg)