Tríotón
an ghealach is mó de Neiptiún / From Wikipedia, the free encyclopedia
An ghealach is mó de 8 ngealach Neiptiúin. Trastomhas 2,700 km, i bhfithis chiorclach 328,000 km os cionn Neiptiúin. Tugadh faoi deara é den chéad uair i 1846. D'aimsigh an spásárthach Voyager 2 dhá bhrúchtadh arda géasair air, agus mar sin, is iad Tríotón, Io (gealach de chuid Iúpatair), agus an Domhan féin na reanna spéire i gcóras na Gréine a bhfuil brúchtaí orthu. Ní fios fós cad is bun leis na brúchtaí air. Dar le réalteolaithe áirithe, nítrigin faoi bhrú atá ag brúchtadh tríd an dromchla is ag iompar carraigeacha, cloch is deannaigh amach ón taobh istigh. Ar aon chuma, meastar é a bheith gníomhach ó thaobh teicteonaice, a dhromchla á athrú an t-am ar fad. Cosúil i méid agus nádúr le Plútón.[3]
Fíricí Gasta Cineál, Fionnachtaí ...
Tríotón | |||
---|---|---|---|
Cineál | gealach Neiptiún agus gealach neamhrialta | ||
Fionnachtaí | William Lassell[1] | ||
Dáta fionnachtana | 10 Deireadh Fómhair 1846, Sasana | ||
Eapainm | Triton (en) | ||
Réad tuismitheora | Neiptiún | ||
Sonraí fithiseacha | |||
Ais mhór a | 354,759 km | ||
Éalárnacht e | 0 | ||
Tréimhse fhithiseach P | −5.876854 d | ||
Claonadh i | 129.812 ° ↔ éiclipteach 156.885 ° ↔ meánchiorcal 129.608 ° ↔ fithis | ||
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |||
Ga | 1,353.4 km | ||
Trastomhas | 2,700 km | ||
Dearbhmhéid | −1.2 | ||
Méid dhealraitheach (V) | 13.47 (banda V) | ||
Achar dromchla | 23,018,000 km² | ||
Mais | 21.39 Yg[2] | ||
Toirt | 10,384,000,000 km³ | ||
Meándlús | 2.061 g/cm³ | ||
Imtharraingt dromchla | 0.779 m/s² | ||
Ailbéideacht | 0.76 | ||
Teocht an dromchla |
| ||
Le cuid |
Dún