Tonnta imtharraingteacha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Réamhinsítear ó theoiric na coibhneasachta ginearálta, má tharlaíonn athruithe i mais ollmhór (mar shampla, má shleabhcann réalta ina dúpholl) go dtáirgfidh sé sin mionluascthaí sa spás-am a fhorleathfaidh amach go gathach ón bhfoinse ar luas forleata an tsolais. Déanfaidh na tonnta seo díchumthaí in aon réad ollmhór a dtéann siad tríd.
I 1974 d'fhionn Russell Hulse (1950-) agus Joseph Taylor (1941-) pulsár a bhí ag timpeallú compánach-réalta dofheicthe, ach an tréimhse fithisithe ag laghdú mar a réamhinsíodh do chóras a bheadh ag cailliúint fuinnimh trí radú tonn imtharraingteach.
Bronnadh Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1993 orthu as.
Níor éirigh le brathadóirí tonn imtharraingteach ar Domhan na tonnta seo a bhrath fós.[1]