From Wikipedia, the free encyclopedia
Reáchtáladh Toghchán Chomhthionól Thuaisceart Éireann ar 5 Bealtaine 2022. Bhí 90 suíochán ar fad sa chomhthionól; toghadh 5 feisire tionóil as gach ceann de 18 toghlach ar fud Thuaisceart Éireann.[1]
Bhí Sinn Féin chun tosaigh ar gach páirtí eile sna pobalbhreitheanna réamhthoghcháin.[2] An costas maireachtála an téama is mó a bhí ag Sinn Féin. Ach cnámh spairne mhór a bhí sa Phrótacal Thuaisceart Éireann agus an mhíshástacht a bhí cothaithe aige, i measc an DUP ach go háirithe.[3] Bhí sé ráite ag an DUP nach nglacfaidh siadsan páirt i bhfeidhmeannas nua mura dtéitear i ngleic le Prótacal an Tuaiscirt, an cheist is mó atá ag déanamh tinnis dóibh ó d'imigh an Bhreatain as an Aontas Eorpach.
D'éirigh le Sinn Féin 27 suíochán a bhuachan, 2 cheann sa bhreis ar an bpríomh-pháirtí aontachtach,an DUP. Don chéad uair riamh, ní raibh ag páirtí aontachtach an móramh sa Tuaisceart
Seo an toradh iomlán agus comparáid leis an toghchán deiridh i 2017 idir na lúibíní.[4]
Bhí Alliance sásta le toradh an toghcháin go háirithe, a líon suíochán dúbailte aige go 17. Maidir le Páirtí Aontachtach Uladh (UUP) agus an páirtí náisiúnach SDLP, chonaic siadsan laethanta i bhfad ní ab fhearr sa Tuaisceart, an 2 pháirtí ba láidre ag bunú an chomhthionóil i 1998. Ní raibh aon suíochán ag Comhaontas Glas i gComhthionól Stormont sa bhliain 2022 i ndiaidh dhó an péire a bhí aige ón toghchán 2017 a chailleadh.
De réir na bhforálacha, ba le Sinn Féin post na céad-aireachta, cé go raibh an stádas céanna aige go hoifigiúil le post na leaschéad-aireachta a gcaithfear é a bhronnadh sa gcás seo ar an DUP.
I dtoghchán an Tionóil, bhí Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, ar cheann an chomhairimh i nGleann an Lagáin. Ansin d’fhógair Donaldson go bhfanfadh sé ina fheisire Parlaiminte Westminister mar chuid dá fheachtas in éadan an phrótacail iarBhreatimeachta agus d’ainmnigh sé Little Pengelly mar theachta Tionóil ina ionad. Bhí an beart dleathach ach baineadh siar as daoine gur tharla sé chomh luath sin tar éis lá na vótála; an chéad uair a ndearnadh é mar gur roghnaigh an té a toghadh gan freastal ar Stormont. Comhthoghtar ionadaithe chun fothoghcháin a sheachaint. Ba é seo an dara huair a comhthoghadh Emma Little Pengelly mar theachta.[5]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.