From Wikipedia, the free encyclopedia
Is scéal na Rúraíochta é Toghail Bhruíon Dá Dearga (Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Dá Derga, Orgain Bruidne Uí Dergae). Caomhnaítear é i dtrí athleagan Sean- agus Meán-Ghaeilge. Luaitear é ar cheann de na seanscéalta Gaeilge is fearr, inchomórtais leis an scéal níos cáiliúla, an Táin Bó Cúailnge.[1][2]
Insítear breith, saol agus bás Chonaire Mhóir mic Eterscéil Mhóir, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann. Maraíonn a naimhde é ag brú Dhá Dheirge, tar éis dó a geasa briste aige. Ní scriostar an brú.[3]
Is neamh-Chríostaí é druidim na míchinniúna, agus nach foláir do Chonaire a gheasa a bhriseadh de réir a chéile. Ní chuirtear bríonna Críostaí ar na hiontais ach an oiread. Caomhnaítear sa saothar tréithe an bhéaloidis, leis a athráite agus nathanna cainte. Cuireadh ton an saothair i gcomhroinn le traigéide Ghréagach.[4]
Agus chuid mhaith dá gheasa briste aige cheana, téann Conaire Mór ar thaisteal i ndeisceart na tíre. Moltar dó fanacht ag Brú Dhá Dheirg, ach feiceann sé triúr gléasta in éadaí dearga, ag marcaíocht ar chapaill dhearga, ag teacht os a chomhair; tá geis eile briste aige dá bharr.
Tar éis Conaire iad a thabhairt ar deoraíocht as ucht a gcoireanna, chuaigh a dheartháireacha altrama i gcomhar le rí na mBriotanach, Ingcél Cáech, agus bhí siad i mbun foghla ar fud na hÉireann le buíon mór amhas. Ionsaíonn siad Brú Dhá Dheirg, á dhó faoi thrí, ach faoi thrí múchtar na tinte.
Cosanta ag a churadh Mac Céacht agus laoch na nUladh Conall Cearnach, maraíonn Conaire sé chéad gan airm, sé chéad sa bhreis leo. Iarrann sé deoch, ach níl braon uisce ann a thuilleadh, é go léir tógtha chun na tinte a mhúchadh. Téann Mac Céacht ar fud na hÉireann le cupa Conaire ag lorg uisce, ach ní thabharfadh na haibhneacha dá gcuid.
Tagann sé ar ais díreach in am agus beirt fhear ag baint a cheann de Chonaire; maraíonn sé an dís. Ólann Conaire, ceann bainte, an t-uisce agus aithrisíonn dán ag moladh Mic Chéacht. Tá sé ina chogadh dearg ar feadh trí lá. Maraítear Mac Cécht, ach éilíonn Conall Cernach.[5]
Tá trí athleagan an scéil caomhnaithe sna lámhscríbhinní atá ar marthain.
Is é Athleagan I an leagan is luaite den scéal, ina insítear achoimre ghearr na bpríomheachtraí. I Leabhar na hUidhre, tugtar dó an teideal Orgain Bruidne Uí Dergae (Argain Brú Uí Dheirge), rud a aithnítear é thar na hathleaganacha níos déanaí.
Is é an leagan is cáiliúla é Athleagan II. De dheasca roinnt comhbhréagnuithe, neamhleanúnachas agus macasamhlacha sa scéal, mhol scoláirí amhail is Heinrich Zimmer, Max Nettlau agus Rudolf Thurneysen, go bhfuil san athleagan dhá nó b'fhéidir trí leagan éagsúla comhcheangailte ann. Tá Máire Bhreathnach den tuairim, ámh, go bhfuil roinnt laigí le fáil ina gcuid modhanna, agus molann sí go raibh cuid mhaith d'fhoinsí éagsúlachta ó bhéal agus scríofa faoi láimh an údair.[6]
Is é an leagan is déanaí agus is faide é Athleagan III. Tá tuilleadh curtha ann, incas measc: rí-list, leagan den Tochmarc Étaíne agus dinnseanchas faoi leith.
San aistriúchán le Jeffrey Gantz in Early Irish Myths and Sagas (1986), tá réamhrá aige ina phléann sé gaol an scéil le bás rí deasghnáthach, iniúchta níos doimhne le John Grigsby in Beowulf and Grendel, 2005, ll. 150-52.
Tá an scéal De Sil Chonairi Móir gaolta leis an gceann seo.[7]
Moltear go bhfuil tionchar an scéil seo le feiceáil i The House of Fame le Geoffrey Chaucer.[8]
Tá leagan den scéal mar chuid den dara sraith an úrscéil Sons of the Swordmaker, 1938, leis an údar Éireannach, Maurice Walsh.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.