Tobac
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is tobac ann ná duillí úra na bplandaí sa ghéineas úd Nicotiana a leasaítear ar bhealach ar leith le haghaidh úsáide mar dhruga. Is é an dóigh is minice a gcaitear tobac ná é a chur ag cráindó i dtoitín, i bpíopa nó i dtodóg agus an toit a análú isteach.
Sa Ghaeilge, deirtear go bhfuiltear ag caitheamh tobac, ach úsáidtear an leagan tobac a ól freisin, go háirithe sna canúintí deisceartacha.
Tá an tobac dúchasach do chreasa teo an domhain nua is na hAstraláise. Is é an Nicotiana tabacum an cineál is mó a chuirtear,[1] ach baintear úsáid as an gcineál Nicotiana rustica chomh maith. Tá an rustica chomh saibhir sa nicitín is gur féidir é a úsáid le nicitín a tháirgeadh mar fheithidicíd. Bíonn na seamain bhundúchasacha i Meiriceá Theas ag úsáid an chineáil sin mar dhruga sícideileach freisin.