From Wikipedia, the free encyclopedia
Bunbhrí: Is iall é an tiarach a ritear ón gcoirb siar faoi eireaball capaill nó asail lena chinntiú nach sciorfaidh na cléibh amach i mullach an ainmhí.
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: An úsáid sheanbhunaithe é tiarach a thabhairt ar thong? Is é an téarma a d'úsáidfinn féin ná scriosán, agus tagairtí agam do Ghaeilge na Gaeltachta. Tá an tuiseal tabharthach úd tiaraigh cineál seanfhaiseanta sa Chaighdeán, cé gur leasc liom féin é a bhaint den téacs. Níl mé cinnte an dtuigim tréan chineál tiarach. Tá blas na Mumhan an-láidir ar an alt: dosna fearaibh in áit do na fir, dosna mnáibh in áit do na mná, ar dtúis in áit ar dtús, iomdha in áit iomaí, inniubh in áit inniu, chítear in áit feictear, ar an dtaobh thiar dó in áit ar an taobh thiar de, ana-chaol, ana-fhaiseanta in áit an-chaol, an-fhaiseanta. Níl mé róshásta leis na téarmaí neamhaistrithe Béarla jockstrap agus G-string ach an oiread, cé go dtuigim nach bhfuil sé furasta teacht ar théarmaí Gaeilge. - Tá an t-alt an-suimiúil, gan trácht a dhéanamh ar an bpictiúr, agus tá an Ghaeilge go h-"ana-mhaith", ach is dóigh liom nach féidir canúnachas chomh láidir seo a cheadú in alt den chineál seo - bheadh sé ceart go leor in alt faoi chúrsaí Chiarraí nó Chorcaí dar liom, ach sílim go gcaitheann cailíní thong in áiteanna eile seachas Ciarraí amháin, míle buíochas le Dia. Panu Petteri Höglund 21:38, 13 Lúnasa 2007 (UTC)
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Is é atá i dtiaraigh ná cineál fo-éadaigh nó cineál culaithe snámha. Is é an rud is suntasaí ann go bhfuil stiall chaol éadaigh sa lár mar chúl ar an gculaith, atá déanta chun bheith ina luí idir mása an duine atá dá caitheamh. Agus thíos tá an stiall ceangailte leis an dtaobh thoir agus thuas thiar leis an gcrios.[1]. Tá tréan chineáil tiarach ann, a bhraitheann ar thiús, ar ábhar nó ar chuma an taoibh thiar dó. Faightear iad ar fud an domhain, dosna fearaibh agus dosna mnáibh. Tá na tiaracha cosúil le g-stringeanna, ach is é an difear is mó eatarthu go mbíonn i bhfad níos mó ábhair idir na cosa agus idir na mása, nuair a bhíonn níos lú ábhair i gceist i g-string, go hiondúil sreang chaol.[2]
Is é an sainmhíniú a thugann an díoltóir FreshPair "Cineál fo-éadaigh dosna fearaibh agus dosna mnáibh, le píosa caol ábhair thiar ina luí idir na mása"[3] nuair is é an rud g-string ná "brístín le banda ana-chaol (cosúil le sreang) d’éadach ar an dtaobh thiar dó".[4]
Creidtear gurb é an rud atá i mbunús na dtiarach ná an fhoirm éadaigh is sine, an bhréid gabhail, ar phíosa éadaigh déanta dosna fearaibh go hiondúil é, go díreach malairt an ruda a chítear sa tsaol inniu san Iarthar, áit ar mná is mó a chaitheann tiaracha.[5]
Mar éadach don lá inniubh, ar dtúis, is sa Bhrasaíl a d’éirigh na tiaracha faiseanta mar chulaith shnámha.[6]. Ar dtúis is é an rud "tiarach" ná rud déanta do leathar a chuirtear ar thóin capaill. Agus mar gheall air sin do bhain cuid do lucht na Gaeltachta úsáid as an bhfocal san mar thagairt don chineál éadaigh dosna daoine.
B’í an chéad chulaith éadaigh a dhíorthaigh ón mbréid gabhail ná an jockstrap, a chruthaigh Sharp & Smith, comhlacht stuif spóirt i Chicago sa bhliain 1874.[7]. Deineadh an chéad tagairt do thiaraigh thar éis na blianta 1900, sa bhliain 1939 i Nua-Eabhrac, nuair a d’ordaigh an Maor Fiorello LaGuardia ar rinceoirí loma culaith níos oiriúnaí do chur orthu. Deirtear gurb é an dearthóir éadaigh Rudi Gernreich a chum taobh thiar na dtiarach nua-aimseartha sa bhliain 1974, agus bhí ana-éileamh orthu i Meiriceá Theas, go háirithe sa Bhrasaíl.[8]. Sna 1990dí, d’éirigh an tiarach ana-fhaiseanta sna Stáit Aontaithe, le níos mó ná $2 bhilliún do thiaracha díolta sa bhliain 2006.[9] Ar na mallaibh, d’éirigh na tiaracha dosna fearaibh ana-fhaiseanta leis, mar gur maith a choinníd a n-orgán, go háirithe chun reatha, cleasaíochta, spóirt, agus mar fho-éadach laethúil.[10]
Is iomdha cineál tiarach, ina measc an tiarach choitianta, an G-string, agus an V-string.
Tá stíleanna eile chomh maith, mar shampla: [12][2]:
Go hiondúil is deacra tiaracha d’fháil dosna fearaibh, ná dosna mnáibh, (mar ins an tsuirbhé seo[nasc briste go buan]). Is iomdha cúiseanna ag fearaibh nó ag garsúin chun tiaracha do chaitheamh, mar fho-éadaí nó mar chulaith shnámha.[13][14] Ina measc tá :
Is iomdha cúiseanna ag mnáibh nó ag cailíní chun tiaracha do chaitheamh mar fho-éadaí nó mar chulaith shnámha.[17][14][18]
Ina measc tá :
Tá na manaí ar na tiaracha ag athrú sa chuid is mó do thíortha an Iarthair agus de réir a chéile is mó a ghlactar leo. Táid ag éirí níos coitianta mar fho-éadach agus mar chulaith shnámha, agus is minice a chítear tiaracha ar na tránna. Is minic a chítear daoine a chaitheann tiarach i dtíortha dheisceart na hEorpa agus ar thránna teochreasacha Mheiriceá Theas agus Fhlorida. I gcúpla contae nó baile dosna Stáit Aontaithe deineadh dlí um thiaracha, mar i Huntington Beach, California: cuireadh cosc ar bheith lom go poiblí ach glactar le tiaracha.[30][31] Dúirt Don Hansen, as an gComhairle sin "glacaimíd le tiaracha in Huntington Beach." [32]
I SÁM agus san Eoraip, ar dtúis, ní bhíodh do thiaracha fir ach an crios rince, tiarach do chuspa fir agus do strippers fir. Anois táid ag éirí coitianta mar fho-éadaí d’fhearaibh.[33] Na fir nár mhaith leo go bhfeicfí línte a bhfo-bhrístí trína gcuid éadaigh eile caithid tiaracha. Ar na mallaibh deineadh suirbhéanna i measc Meiriceánaigh agus fuarathas go bhfuil 4% díobh ar tiaracha na fo-éadaí is fearr leo.[14] De réir vótaíochtaí neamhfhoirmiúla (agus mar san, nach féidir bheith cinnte fúthu), b’fhearr le mná áirithe fir a chaitheann tiaracha.[34] [35], ach de réir ceann eile, ní bheadh sé fíor.
Ar chúiseanna soiléire anatamaíochta, ní dhéantar tiarach fhir mar a dhéantar tiarach mhná. Ceapann roinnt daoine fós gur éadaí do bhuachaillí bána na tiaracha, ach de réir a chéile athraíonn na manaí sin, mar go bhfuil uimhir na n-óigfhear a chaitheann tiaracha ag dul i méad.[14], Tá sé ag éirí níos fusa tiaracha fir d’fháil anois, agus díolann an chuid is mó dosna díoltóirí a leithéidí.
Is minice a chítear fir a chaitheann tiaracha go poiblí anois, mar shampla fir ar mian leo dath na gréine do theacht ar a gcorp go hiomlán ar an dtráigh. Cítear fir le tiaracha ar thránna SÁM agus na hEorpa. Tá i bhfad níos mó mná le tiaracha ar na tránna fós anois, ach nuair a dheintear tagairt do chúrsaí tiarach sa lá inniubh, go hiondúil is idir fhir agus mhná a bhíonn i gceist.[36]
De réir suirbhéanna deireanacha, tá 28% do mhnáibh Mheiriceá ann ar fearr leo tiaracha ná aon fho-éadach eile. Sa bhliain 2002, b’iad na tiaracha an cineál fo-éadaigh mhná is mó a díoladh.[2][14] Tá díospóireacht ar siúl fós maidir leis an aois inar cheart dosna cailíní tosnú ag caitheamh tiarach.[37][38][39][40][41][42] Tá tiaracha ar fáil do chailíní ón dtríú grád amach. Tá díospóireacht leis maidir leis an nós a ligeann cailíní scoile barr a dtiaracha le feiscint os cionn crios a mbrístí d’aon turas. Tugtar "eireaball míl mhóir" ar an nós san. [43][44]
Is iomdha barúil maidir leis na fadhbanna sláinte a fhéadann tarlúint agus tú ag caitheamh tiaraí, go hiondúil i mbaint le fabhtuithe baictéaracha agus leis an bhfuil mhíosta.[45]
Is iomdha stíl agus cineál tiarach ann agus is iomdha nós ar féidir a gcaitheamh. Anso thíos tá cuid dosna cineáil éagsúla san d’fhearaibh agus do mhnáibh araon.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.