From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí An Ridire Thomas Hare (28 Márta 1806 – 6 Bealtaine 1891) ina dhlíodóir is leasaitheoir toghchánach de chuid Shasana.[1] Chuir Hare ionadaíocht chionmhar chun chinn.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Márta 1806 Sasana, Ríocht Aontaithe |
Bás | 6 Bealtaine 1891 85 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, tuairisceoir cúirte, dlíodóir, eolaí polaitiúil, abhcóide |
Ball de pháirtí polaitíochta | An Páirtí Coimeádach |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Mary Samson (1837–luach anaithnid) Eleanor Bowes Benson (1872–luach anaithnid) |
Páiste | Lancelot Hare ( Mary Samson) Katharine Clayton ( Mary Samson) Alfred Richard Hare ( ) Sherlock Hare ( Mary Samson) Alice Westlake ( Mary Samson) Marian Andrews ( Mary Samson) Mary Eleanor Hare ( Eleanor Bowes Benson) |
Sa bhliain 1833 a glaodh chun an Bharra air agus sa bhliain 1853 a rinneadh Cigire na gCarthanas de agus Coimisinéir Cúnta ar an gCoimisiún Ríoga um Charthanais Cathrach ina dhiaidh sin.
Chaith Hare chuid mhaith dá shaol ag cur cinn na hionadaíochta cionmhaire mar chóras toghchánach agus is é an leagan comhaimseartha den chóras a bheartaigh sé—an ionadaíocht chionmhar ar mhodh an aonvóta inaistrithe—atá i bhfeidhm chun dhá Thithe an Oireachtais, Tionól Thuaisceart Éireann, Feisirí Éireannacha de Pharlaimint na hEorpa agus na húdaráis áitiúla sa dá chuid d'Éirinn a thoghadh.
Dúirt John Stuart Mill agus a lán daoine eile go raibh an-mholadh tuillte ag Hare as an bpáirt a bhí aige agus an cineál leasaithe thoghchánaigh sin á chur chun cinn.
Tá dlíodóirí freisin faoi chomaoin ag Hare as a ndearna sé mar thuairisceoir dlí. Níor tuairiscíodh Foss v Harbottle (1843) 2 Hare 461 agus Henderson v Henderson (1843) 3 Hare 100 ach i Hare's Reports in Chancery (1841-53) a chuir sé in eagar.[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.