racghrúpa Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is grúpa rac-cheoil é The Script ó Bhaile Átha Cliath. Bunaíodh “The Script” sa bhliain 2001. Tá triúr sa ghrúpa, is iad Danny O' Donoghue, Mark Sheehan agus Glen Power. Bhuail Danny le Mark i gclub oíche. Bhí suim ag Danny sa cheol céanna le Mark. Bhí Danny agus Mark i ngrúpa eile roimh “The Script”. “MyTown” an t-ainm a bhí ar an ngrúpa. Bhí Danny agus Mark ag seinnt le “MyTown” ó 1996 go 2001.
![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 2007, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 2001 – |
Lipéad ceoil | Epic |
Seánra | Pop rac, rac malartach agus popcheol |
Codanna | |
Suíomh gréasáin | thescriptmusic.com |
Bhí “U2”, “The Police”, “The Neptunes”, “Timbaland” agus “Van Morrison” mar thionchair orthu. Sheinn “The Script” an t-amhrán “We Cry” ar “BalconyTv”, i mBaile Átha Cliath, i mí Meán Fómhair 2007. Bhí an t-ámhran ag uimhir a 15 ar na cairteanna ceoil i Sasana agus uimhir a naoi sna cairteanna ceoil in Éirinn. Sheol siad an t-ámhran “The Man Who Can't Be Moved” bliain tar éis “We Cry” i mí Meán Fómhair 2008. Bhí an t-ámhran ag uimhir a dó sna cairteanna ceoil i Sasana, in Éirinn agus sa Danmhairg. Sheol siad a gcéad albam sa bhliain chéanna. Sheinn The Script le Paul McCartney agus U2 nuair a bhí siad ar chamchuairt sa bhliain 2009. Bhuaigh siad trí dhuais ceoil sa bhliain chéanna.
Sheol siad a dara halbam i Meán Fómhair 2010. Tá an t-albam ag uimhir a haon sna cairteanna in Éirnn agus i Sasana anois. Ar Dé hAoine, 25ú Meán Fómhair, chuaigh ticéid cheolchoirme ar díol agus díoladh amach i dtri nóiméad iad. Beidh “The Script” ag dul ar chamcuairt i Meiriceá i nDeireadh Fómhair. Scríobh The Script amhrán le haghaidh Leona Lewis freisin.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.