From Wikipedia, the free encyclopedia
Feiste chun teocht a thomhas is ea teirmiméadar.
D’airg Galileo an chéad teirmiméadar riamh san 17ú haois.[1] Rinne Galileo teirmiméadar as bolgán gloine a bhí lán le huisce. Ghluais an t-uisce suas síos sa bholgán de réir mar a d’athraigh an teocht.
Is feadán séalaithe é teirmiméadar Galileo. Tá leacht trédhearcach ann. Tá bolgáin bheaga istigh san fheadán. Tá leacht daite sna bolgáin seo. Tá lipéad ar gach bolgán agus teocht áirithe marcáilte air, m.sh 18°C nó 20°C. De réir mar a athraíonn an teocht sa seomra, ardaíonn nó íslíonn na bolgáin san fheadán. Chun teocht an tseomra a léamh, léann tú an lipéad atá ar an mbolgán is ísle san fheadán.
Sa teirmiméadar mearcair i ngloine, nuair a éiríonn an teocht forbraíonn an mearcair níos mó ná an ghloine, agus ritheann mearcair suas an feadán grádaithe. Bíonn na gráduithe marcáilte le luachanna teochta (i gcéimeanna Celsius de ghnáth) a dheimhnítear ag teochtaí atá ar eolas trí phróiseas calabraithe (grádaithe). D'fhionn Gabriel Fahrenheit an chéad teirmiméadar rathúil mar seo sa bhliain 1714.
Tá an teirmiméadar alcóil i ngloine cosúil leis an teirmiméadar mearcair.
Tá teirmiméadair infridhearga éagsúla i ngnáthúsáid inniu.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.