![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/89/Tellurium_element_2.jpg/640px-Tellurium_element_2.jpg&w=640&q=50)
Teallúiriam
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an teallúiriam dúil uimhir a 52 sa tábla peiriadach. Te an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Miotalóideach sobhriste airgeadgheal é an teallúiriam agus é réasúnta nimhiúil. Breathnaíonn sé cosúil leis an stán, ach is iad an sulfar agus an seiléiniam na dúile is gaolmhaire leis ó thaobh na ceimice de, ó tá sé in aon ghrúpa leo - grúpa na hocsaigine, nó na calcaiginí. Ba é Franz Joseph Müller von Reichenstein a rinne fionnachtain an teallúiriam sa Trasalváin sa bhliain 1782, ach fuair an dúil nua a hainm ó Martin Heinrich Klaproth sa bhliain 1798. Tá an t-ainm bunaithe ar an bhfocal Laidine tellus, talamh.
![]() ![]() | |
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach, solad inlasta agus chalcophile element (en) ![]() |
---|---|
Teallúiriam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Te |
Uimhir adamhach | 52 |
Mais adamhach | 127.6 |
Peiriad, Grúpa | peiread 5 calcaigin |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | 6.24 kg/m⁻³ |
Leáphointe | 842 |
Fiuchphointe | 1,814 |
Leictridhiúltacht | 2.1 |
Ga ianach | 2.21, 0.66, 0.97, 0.43 agus 0.56 |
Stair | |
Aimsitheoir | Franz-Joseph Müller von Reichenstein |
Fionnachtain | 1783 |
Eapainm | Terra (en) ![]() |
![]() |
Níl úsáid ar bith sa teallúiriam do bheothach an duine. A mhalairt ar fad is nimh é. Iompaíonn meitibileacht an duine an teallúiriam go démheitilteallúiriam (CH3)2Te, ar gás é agus boladh na gairleoige as, agus is féidir an boladh sin a aithint in análú na ndaoine a bhfuil nimhiú teallúiriam orthu.
Bíonn criostail an teallúiriam chomh geal leis an airgead, agus loinnir an mhiotail iontu má bhíonn siad sách glan. Is féidir teallúiriam dímhorfach a fháil trína dheascadh as tuaslagán an aigéid teallúraigh Te(OH)6. Is leathsheoltóir é an teallúiriam, agus a sheoltacht ag brath ar threoir an tsrutha leictrigh i gcomparáid le línte ailínithe na n-adamh sa chriostal. Is fótaisheoltóir é an teallúiriam freisin, is é sin, téann a sheoltacht i méadaíocht faoi thionchar an tsolais. Creimeann an teallúiriam leáite copar, cruach dhosmálta agus gnáthiarann.