Te Taka Keegan
scoláire Maorach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is léachtóir ollscoile agus gníomhaí ar son na Maoraise é Te Taka Keegan. Is de shliocht na iwi Waikato-Maniapoto, Ngāti Apakura, Te Whānau-ā-Karuai ki Ngāti Porou, agus Ngāti Whakaaue é.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Māori |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Waikato |
Céim acadúil | céim dochtúireachta Máistir Ealaíon |
Tráchtas acadúil: Indigenous Language Usage in a Digital Library: He Hautoa Kia Ora Tonu Ai. (2007) Tráchtas curtha faoi bhráid: Waikato Research Commons (en) . Te whakatere waka hourua (1996) Tráchtas curtha faoi bhráid: Ollscoil Waikato. | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | eolaí ríomhaireachta, acadóir |
Fostóir | Ollscoil Waikato, léachtóir sinsearach |
Saothar | |
Mac léinn dochtúireachta | Fouad K. Shiblaq agus Jackie Whetumarama Tuaupiki (en) |
Agus cúlra san innealtóireacht chrua-earraí aige, d’fhill Keegan ar Ollscoil Waikato chun céim mháistreachta a dhéanamh i Loingseoireacht Mhaorach Thraidisiúnta.[2][3] Ina dhiaidh sin, fuair sé post múinteoireachta i Roinn na Ríomheolaíochta, agus ba é an chéad duine a mhúin an ríomheolaíocht go hiomlán trí mheán na Maoraise.[4] Chríochnaigh sé tráchtas Ph.D. dar teideal Indigenous Language Usage in a Digital Library: He Hautoa Kia Ora Tonu Ai bunaithe ar obair i gcomhair le Leabharlann Dhigiteach na Nua-Shéalainne, tionscadal taighde faoi stiúir Ian H. Witten.[5] Is féidir a phróifíl acadúil a fháil ar shuíomh Gréasáin Ollscoil Waikato.[6]
Bhí Keegan i gceannas ar an bhfoireann a d’aistrigh Microsoft Windows XP agus Microsoft Office 2003 go Maorais,[7][8] agus thug sé comhairle don fhoireann a d’aistrigh Office 2013 agus Windows 8.[9] Bhí orthu go leor téarmaí nua a chumadh mar chuid den chéad aistriúchán, agus tá cuid mhaith de na téarmaí sin anois ar fáil in A Dictionary of Māori Computer Terms. Bhí baint aige freisin le forbairt méarchláir SwiftKey a thacaíonn leis an Maorais.
Le linn dó saoire shabóideach a chaitheamh le Google, ba é Keegan an crann taca a bhí taobh thiar de Google Māori.[10][11][12] Tá sé ar dhuine d’iontaobhaithe Tūhono, bunachar sonraí a nascann daoine Maoracha lena n-iwi.[13]
In 2017, bhronn Príomh-Aire na Nua-Shéalainne, Bill English, an gradam múinteoireachta is airde sa tír,[14] Ard-Ghradam an Phríomh-Aire, ar Keegan, mar aitheantas ar a dhíograis leanúnach don teagasc agus don fhoghlaim.[15]