Taiscéalaí Cúlra Chosmaigh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Satailít a lainseáil NASA i 1989 chun staidéar a dhéanamh ar an radaíocht chúlrach chosmach ón gCruinne ab ea an Taiscéalaí Cúlra Chosmaigh (COBE). Thomhais an tsatailít teocht na radaíocha seo mar 2.73 K. I 1992 d'aimsigh sé mionathruithe an-bheaga sa teocht, timpeall an 30 milliúnú cuid de cheilvin. Is féidir go dtugann na mionathruithe seo léargas ar uainíochtaí bídeacha i ndlús na luath-Chruinne, ar táirgeadh na réaltraí astu.[1]